Taispeántas
- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
An 10 Meán Fómhair 1952, cuireadh tús leis an gcéad suí de Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in Strasbourg. Ba é sin túsphointe Pharlaimint na hEorpa an lae inniu.
Rinneadh neartú ar an gComhthionól sin le 70 bliain anuas. Is fíorinstitiúid anois í a léiríonn daonlathas na hEorpa agus tuairimí phobal na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, is í an t-aon pharlaimint thrasnáisiúnta ar domhan í atá ilteangach, ilpháirtí agus tofa go díreach. Tugann an taispeántas seo cur síos ar stair na hinstitiúide, ar ról shaoránaigh na hEorpa i stair na Parlaiminte agus ar ócáidí tábhachtacha a tharla inti le 70 bliain anuas.
Caibidlí
Spás daonlathach tras-náisiúnta Institiúid pholaitiúil Ar son chearta an duine san Eoraip agus ar fud an domhain Cosaint luachanna an Aontais Eorpaigh Guth na saoránach Eorpach Ag éisteacht leis an tsochaí shibhialta 70 bliain in Strasbourg Parlaimint faoi lán seoil Ag ceiliúradh 70 bliain den daonlathas Eorpach Creidiúintí