- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Spás daonlathach tras-náisiúnta
Tá Parlaimint na hEorpa ar an bhfód le 70 bliain anois. Le himeacht ama, rinneadh athruithe móra ar an institiúid. Ó 1952 i leith, bhunaigh an Pharlaimint í féin mar institiúid chumhachtach agus neamhspleách a bhfuil ról lárnach polaitiúil aici san Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann. Is í an Pharlaimint an t-aon institiúid san Aontas ar tháinig méadú leanúnach ar a cumhachtaí le níos mó ná 30 bliain anuas.
Déanann an Pharlaimint, a bhfuil a Feisirí á dtoghadh go díreach ó 1979 i leith, ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh uile na hEorpa. Cuireann na 705 Fheisire, a thoghtar gach cúig bliana, mianta nach mór 450 milliún saoránach in iúl.
Is í an Pharlaimint an spás díospóireachta is tábhachtaí ina bpléitear mianta polaitiúla Eorpacha éagsúla ar mhaithe le dul chun cinn an daonlathais. Tá córas ilteangach uathúil aici, a thugann sár-léiriú ar éagsúlacht na hEorpa. Cuireann sí saoirse cainte agus cearta an duine chun cinn freisin san Eoraip agus ar fud an domhain.
Tá an Pharlaimint ag obair chun an Eoraip a neartú go bríomhar, bunaithe ar an dlí, ar luachanna, ar an gcomhionannas agus ar an gcothromas. Is léiriú í ar an daonlathas Eorpach faoi lán seoil. Tá suíomh oifigiúil na Parlaiminte lonnaithe in Strasbourg. Dá bhrí sin, tá príomhchathair pharlaiminteach na hEorpa aontaithe déanta aici den chathair sin san Alsáis.