- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Parlaimint faoi lán seoil
Trí obair a cuid coistí parlaiminteacha buana agus sealadacha, déanann Parlaimint na hEorpa bearta a ullmhú agus a chur chun cinn a bhfuil fíorthionchar acu ar shaol laethúil saoránach agus gnólachtaí. Is cuid iad a gníomhaíochtaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh san Eoraip, inar féidir le daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal gluaiseacht gan srian.
Trína cinntí, a tograí agus a pléití, tá ról riachtanach ag an bParlaimint sa lá atá inniu ann san iliomad réimsí an-éagsúil, amhail tomhaltóirí agus paisinéirí gach modha iompair a chosaint, sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc, agus rochtain ar chógais agus ar fheistí leighis a chinntiú.
Áirítear ar na réimsí sin freisin, ní hamháin slándáil an tsoláthair bia a chinntiú, dálaí oibre agus cearta sóisialta a fheabhsú, dífhostaíocht i measc na hóige agus dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac, ach freisin comhionannas inscne a chinntiú, bochtaineacht a laghdú, idirdhealú in aghaidh mionlach a chomhrac, ciníochas agus seineafóibe a chomhrac agus dálaí maireachtála daoine atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta a fheabhsú.
Chomh maith leis sin, cuireann gníomhaíochtaí na Parlaiminte le neartú bheartas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh, le forbairt uirlisí digiteacha agus lena n-inrochtaineacht, le cibearshlándáil, le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, le forbairt taighde agus leis an nuálaíocht. Tá sé mar aidhm aici freisin ídiú fuinnimh agus dramhaíl a laghdú, úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn agus spriocanna uaillmhianacha aeráide agus comhshaoil a bhaint amach.
Cuidíonn sí freisin le héagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn, le comhchóras tearmainn a bhunú san Eoraip, le hinimirce neamhdhleathach a laghdú agus le grúpaí leochaileacha a chosaint, le rochtain na saoránach ar cheartas agus ar chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta, agus leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta, an éillithe agus na sceimhlitheoireachta laistigh den Aontas Eorpach.