- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Institiúid pholaitiúil
Nuair a bunaíodh Parlaimint na hEorpa mar chuid den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), ní raibh aici ach ról comhairleach, go bunúsach. Le himeacht na mblianta, bhí sí in ann an chothromaíocht institiúideach agus na córais smachta a athrú chun a cumhachtaí buiséadacha agus reachtacha a mhéadú.
Chinn na Feisirí go han-luath suí de réir a dtuairimí idé-eolaíocha, i ngrúpaí polaitiúla trasnáisiúnta. De réir a chéile, d’éirigh leis na grúpaí sin cur go suntasach le hacmhainn oibríochtúil na Parlaiminte.
Tar éis di a bheith tofa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach in 1979, bhí an Pharlaimint ag brath ar a dlisteanacht dhaonlathach, ar a cumas a háit mar institiúid a aimsiú agus ar a saoirse chun plé a dhéanamh chun a cumhacht a mhéadú agus a réimsí idirghabhála a leathnú.
De réir mar a chuaigh lánpháirtiú na hEorpa agus forbairt na gConarthaí chun cinn, rinne na Feisirí a ngníomhaíochtaí a éagsúlú chun go mbeadh an Pharlaimint ina mórghníomhaí polaitiúil. D’éiligh siad athchóirithe institiúideacha freisin. Sa lá atá inniu ann, bíonn an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach i ndréachtú reachtaíocht, bhuiséad agus bheartais an Aontais.
Éist leis an bpodchraoladh
Tá Parlaimint na hEorpa ag ceiliúradh 70 bliain de dhaonlathas gníomhach, óna céad chruinniú siar in 1952 go dtí an lá atá inniu ann, agus tá sí níos láidre anois ná riamh chun dul i ngleic le dúshláin na haimsire seo.