- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Ag éisteacht leis an tsochaí shibhialta
Is príomhfhóram í Parlaimint na hEorpa d’ionadaíocht na sochaí sibhialta. D’fhorbair sí spásanna oscailte go tapa le haghaidh idirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun dul i ngleic le haon easnamh daonlathach san Eoraip a bhí á tógáil.
Ar an gcaoi sin, tá an Pharlaimint ag cur le teacht chun cinn spáis phoiblí san Eoraip. Cuireadh éisteachtaí poiblí ar bun ar dtús mar bhealach chun na Feisirí a chur ar an eolas faoi riachtanais agus ionchais na sochaí, ach chabhraigh siad freisin le saineolas na bhFeisirí a fheabhsú. Glacann siad páirt i ndíospóireacht na meán trí ardán a chur ar fáil d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta.
Le himeacht ama, d’fhorbair an Pharlaimint uirlisí cumarsáide díláraithe eile leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe sóisialta. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás fhóraim na saoránach, lenar féidir idirphlé le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt. Chuir an Pharlaimint Agora na Saoránach ar bun ina dhiaidh sin. Bhí sé mar aidhm leis sin fóram a chur ar fáil le haghaidh comhairliúcháin agus idirphlé idir gníomhaithe éagsúla sa tsochaí shibhialta eagraithe. Trí chur go gníomhach le hobair an Choinbhinsiúin ar Thodhchaí na hEorpa go luath sna 2000idí, chuir an Pharlaimint tuairimí na sochaí sibhialta, go háirithe daoine óga, san áireamh arís sa téacs a ndearnadh Conradh Liospóin de ar ball.
In 2021 agus 2022, bhí ról lárnach ag an bParlaimint arís sa réimse sin. Reáchtáil sí suíonna iomlánacha den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in Strasbourg. Chuir an Chomhdháil daonlathas rannpháirteach i bhfeidhm nach bhfacthas a leithéid riamh. Tugadh deis do shaoránaigh uile na hEorpa, d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a dtuairimí a chur in iúl faoi thosaíochtaí an Aontais agus na dúshláin atá os a chomhair.
Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
Seachtó bliain ó shin, tharla an chéad chruinniú de chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in Strasbourg. Bhí an cruinniú sin ina phointe tosaigh do Pharlaimint na hEorpa mar atá againn anois.