- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- 70 bliain in Strasbourg
Ó 1952 i leith, tá Parlaimint na hEorpa lonnaithe in Strasbourg. Bíonn suí iomlánach aici ann gach mí. Tá nasc ársa ag príomhchathair sin na hAlsáise le scéal an Eorpachais. Tugadh aitheantas don nasc sin nuair a lonnaíodh an Pharlaimint inti. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh sé sin an tábhacht a bhain leis an athmhuintearas Franc-Ghearmánach agus le deireadh a chur leis na coimhlintí armtha a scrios mór-roinn na hEorpa ar feadh na mblianta.
Mar sin féin, níor chinn na Ballstáit suíomh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh de Strasbourg go dtí 1992. Chun tionchar níos mó a thabhairt dó, daingníodh an cinneadh sin i gConradh Amstardam in 1997. Ar an gcaoi sin, neartaíodh ról Strasbourg mar phríomhchathair pharlaiminteach na hEorpa.
Bhí tionchar tromchúiseach ag méadú cumhachta Pharlaimint na hEorpa ar an gcathair Alsáiseach, go háirithe toisc gur chuir sé lena hinfheictheacht ar an ardán Eorpach agus idirnáisiúnta. Mar gheall ar an bParlaimint, tá an domhan ag tabhairt aird níos mó ar Strasbourg de réir a chéile: le 70 bliain anuas, tá an tionól ag feidhmiú mar bhonn braite don staid pholaitiúil idirnáisiúnta. Is deis iad cuairteanna oifigiúla na gCeannairí Stáit chun aird na meán agus tuairimí an phobail a tharraingt ar an ról agus ar an gcuspóir atá ag institiúid atá uathúil ar an ardán domhanda.
Ó 1999 i leith, tá an Pharlaimint lonnaithe i bhfoirgneamh Louise Weiss in Strasbourg. Is ansin atá seomra tionóil na Parlaiminte, an ceann is mó san Eoraip. Is cuid de thírdhreach ailtireachta Strasbourg anois é an struchtúr, déanta go hiomlán as gloine, atá suite ar bhruacha an Ill. Is léiriú é ar dhaonlathas oscailte agus trédhearcach. Is siombail de thionscadal Eorpach atá ag forbairt de shíor é barr an fhoirgnimh, a bhfuil cuma neamhchríochnaithe air. Tá túr an fhoirgnimh nua díreach ar an ais chéanna le hArdeaglais Strasbourg. Is freagairt mhacallach é ar an séadchomhartha sin agus léiríonn sé féiniúlacht stairiúil phríomhchathair sin na hAlsáise.