- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Ag ceiliúradh 70 bliain den daonlathas Eorpach
I searmanas sa seomra tionóil in Strasbourg i mí na Samhna 2022, rinne na Feisirí comóradh ar chruthú Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in 1952, an tionól a bhí ann roimh an bParlaimint.
Chuir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, tús leis an searmanas agus d’áitigh sí, sna 70 bliain ón gcéaduair a tháinig Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) le chéile in 1952, go bhfuil
an Comhthionól imithe ó neart go neart (...) Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon pharlaimint ilteangach, ilpháirtí agus thrasnáisiúnta ar domhan a thoghtar go díreach. Cuireann a 705 Fheisire atá tofa go díreach tuairimí mhuintir na hEorpa in iúl. Inniu, níos mó ná riamh, cloíonn an Teach seo le tuairimí daonlathacha na saoránach agus luachanna daonlathacha na hEorpa.
Labhair Príomh-Airí na dtrí thír ina bhfuil an Pharlaimint lonnaithe i ndiaidh a hóráide.
Is iad saoránaigh fhíseacha, muintir na hEorpa, atá ag spreagadh an tionscadail pholaitiúil Eorpaigh sa lá atá inniu ann (...) [Is í Parlaimint na hEorpa] ceann de na reachtóirí is cumhachtaí ar domhan. Sa lá atá inniu ann, is féidir le hEorpaigh a bheith bródúil as na nithe atá déanta againn go dtí seo (...) Is ionann an teach seo agus catairsis stair fhada an fhoréigin idir tíortha Eorpacha. Is ionann é agus na nithe is fearr fúinne mar Eorpaigh.
Príomh-Aire na Beilge, Alexander De Croo
Seacht mbliana tar éis an Dara Cogadh Domhanda, cinneadh go gcruthófaí rud éigin le chéile. Sna laethanta sin, ní raibh an ceart ag daoine maireachtáil toisc go raibh siad éagsúil; inniu, táimid inár gcónaí i gcríoch ina bhfuil saoirse ag na saoránaigh. (...) Ní bheadh an ceart agamsa a bheith saor le linn an Dara Cogadh Domhanda: Is liobrálach mé, is de bhunadh na nGiúdach mé agus táim pósta le fear. Agus féach anseo mé inniu, agus mé i mo cheann rialtais. Is é seo an tionscadal Eorpach. B’fhéidir go bhfuil tú éagsúil, ach is ansin a fheictear ár saibhreas: san éagsúlacht sin.
Príomh-Aire Lucsamburg, Xavier Bettel
Is ionann Strasbourg agus an Eoraip – Eoraip a bhfuil stair aici, ach a bhfuil todhchaí chomhchoiteann aici freisin (...) Caithfimid a chinntiú nach ndearmadfaimid bunbhrí na hEorpa, an stair atá aici agus an todhchaí a bheidh aici.
Príomh-Aire na Fraince, Élisabeth Borne
Nuair a bhí a gcuid ráite ag na Príomh-Airí, leag formhór cheannairí na ngrúpaí polaitiúla béim ina n-óráidí ar an bhfíoras nach mbeidh todhchaí cheart ag an Eoraip mura mbeidh sí daonlathach. Dúirt siad freisin gur gá Parlaimint na hEorpa a chumhachtú le lán-cearta reachtacha ar mhaithe leis na saoránaigh, agus go mbeadh an tsaoránacht Eorpach ag treisiú na saoránachta náisiúnta.
An bhunbhrí a bhí leis an bParlaimint ná institiúid pholaitiúil a chuirfeadh fáilte roimh gach tír, seachas a bheith ina gcoinne. Ní mór dúinn, a dúirt siad, leanúint ar aghaidh ag léiriú na bunbhrí sin agus í a chur in oiriúint don lá atá inniu ann. Luaigh na cainteoirí na dúshláin atá roimh an Eoraip. Dúirt siad gurbh fhiú filleadh ar mheon 1952 as ar eascair cruthú na hinstitiúide seo. Cuireadh tuairimíocht chriticiúil agus fhrith-Eorpach in iúl chomh maith. Ach, mar a dúirt an tUachtarán Metsola, léirigh sé sin gurb ann don iolrachas, don éagsúlacht agus don daonlathas sa Pharlaimint.
Seinneadh Óid don Aoibhneas Beethoven ag deireadh an tsearmanais.
Óráid oscailte Roberta Metsola (EN)