- Taispeántas: Parlaimint na hEorpa: 70 bliain den daonlathas Eorpach faoi lán seoil
- Guth na saoránach Eorpach
Mar thionól tofa, déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna beagnach 450 milliún saoránach. Ó bunaíodh í, tá sé dearbhaithe ag an bParlaimint go bhfuil sí inniúil chun gearáin agus moltaí a fháil ó shaoránaigh na mBallstát agus tá a nósanna imeachta féin bunaithe aici chun achainíocha a chur isteach agus a scrúdú. Measann na Feisirí gur gné riachtanach den daonlathas rannpháirteach é sin agus gur bealach é chun cumarsáid a dhéanamh leis na saoránaigh, chun iad a thabhairt níos gaire don Eoraip agus chun réitigh a lorg ar a gcuid fadhbanna.
I lár na 1970idí, mhol an Pharlaimint go mbunófaí Ombudsman Eorpach. An aidhm a bhí ann ná an daonlathas agus an smacht reachta a neartú. Mar sin féin, bhí 20 bliain ann go dtí gur éirigh leis an bParlaimint an chéad Ombudsman Eorpach a thoghadh, chun déileáil le gearáin ó shaoránaigh Eorpacha a bhaineann le cásanna drochriaracháin in institiúidí an Aontais.
Éisteann an Pharlaimint i gcónaí le saoránaigh agus le vótálaithe, go háirithe trína hoifigí idirchaidrimh i ngach ceann de na 27 mBallstát. Gach bliain, faigheann sí na mílte ceisteanna agus iarrataí ó shaoránaigh a chuireann a dtuairimí in iúl faoi na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach, faoina ghníomhaíochtaí agus faoina fheidhmiú.
Le breis agus deich mbliana anuas, tá an Pharlaimint ag cuidiú leis an obair ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, chun go mbeidh sé ina uirlis de dhaonlathas rannpháirteach atá níos inrochtana agus níos dírithe ar na saoránaigh. Ar mhaithe leis na nósanna imeachta don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a shimpliú agus a thionchar a mhéadú, tá obair déanta ag an bParlaimint go háirithe chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh agus cónaitheoirí uile an Aontais Eorpaigh ráiteas tacaíochta do thionscnamh a shíniú.