Athaontú na Gearmáine
Parlaimint na hEorpa agus titim Bhalla Bheirlín
Parlaimint na hEorpa agus titim Bhalla Bheirlín
San oíche idir an 9 agus an 10 Samhain 1989, gan choinne, cuireadh bearna i mBalla Bheirlín tráth a chlis ar an rialtas cumannach a bhí i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (PDG). Bhí an deireadh i ndán don Chogadh Fuar agus bhí tús á chur le ré nua i stair na hEorpa. Mí ina dhiaidh sin, rinneadh Geata Brandenburg a oscailt go hoifigiúil agus tháinig ann arís don tsaorghluaiseacht chinnte idir an dá chríoch sa Ghearmáin. Bhí aontú na Gearmáine bainte amach faoin 3 Deireadh Fómhair 1990. Bhí claochlú mór i ndán do lánpháirtiú na hEorpa dá bharr.
Ag féachaint do na himeachtaí polaitiúla sin agus in ainneoin a sciobtha a bhí an próiseas, d’imir Parlaimint na hEorpa ról lárnach i gcúrsaí agus mhéadaigh sí ar an idirghabháil a bhí aici iontu. Ar feadh roinnt mhaith míonna, thug sí ardán do cheannairí Eorpacha a raibh an t-ullmhú d’athaontú na Gearmáine mar chúram orthu. Bhí na Feisirí Eorpacha buartha i dtaobh na n-iarmhairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus institiúideacha don Chomhphobal Eorpach a bheadh ag an ócáid stairiúil sin agus mar sin theastaigh uathu go ndéanfaí an Ghearmáin a athaontú. Chuige sin, ghlac siad seasamh arís agus arís eile a bhí i bhfabhar fhorbairt an daonlathais agus an urraim do chearta an duine i lár agus oirthear na hEorpa.