- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Parlaimint na hEorpa agus na dúshláin a bhain le hathaontú na Gearmáine
Ó thaobh na bhFeisirí Eorpacha de, ócáid stairiúil a bheadh in athaontú na Gearmáine chun deireadh faoi dheoidh a chur le deighilt na hEorpa agus chun cothromaíochtaí polaitiúla a threisiú a bheadh i bhfách le suaimhniú agus síocháin, chun comhar idir na pobail Eorpacha a spreagadh agus chun an daonlathas agus an t-iolrachas ar fud mhór-roinn na hEorpa a chomhdhlúthú. Cé go raibh an Chomhairle Eorpach ar a dícheall le míonna ag féachaint le comhsheasamh ón dá Bhallstát déag ar ‘cheist na Gearmáine’ a thabhairt i gcrích, d’áitigh Parlaimint na hEorpa roinnt uaireanta go gcaithfeadh treisiú ar struchtúr Comhphobail na hEorpa mar aon le héabhlú ionsar aontas polaitíochta a chuimseodh gach gné den bheartas eachtrach agus slándála a bheith ag gabháil le hathaontú na Gearmáine. Agus is os comhair na bhFeisirí Eorpacha a rinne uachtarán an Choimisiúin, Jacques Delors, dearbhú in Eanáir 1990 á rá go raibh áit sa Chomhphobal Eorpach ag PDG dá gcuirfidh sé iarratas isteach.
An 15 Feabhra 1990, chruthaigh Parlaimint na hEorpa coiste sealadach um thionchar phróiseas aontaithe na Gearmáine ar an gComhphobal Eorpach a fhiosrú. Is Feisire ón Ríocht Aontaithe, Alan John Donnelly, a ceapadh mar rapóirtéir agus ba ghearr uaidhsean na tosaíochtaí a shainiú mar aon leis na céimeanna a bhí le tógáil. In idirchaidreamh dlúth leis na comhghuaillithe, chuaigh an dá stát Gearmánach i mbun caibidlíocht dhíreach faoi na mionsonraí polaitiúla, eacnamaíocha agus airgeadais a bhain le haontú a raibh an dáta feidhmiúil lena aghaidh sin socraithe don 3 Deireadh Fómhair 1990. Ag an am céanna, is sa Choiste Sealadach um Aontú na Gearmáine a bhí gníomhaíochtaí na Parlaiminte ar an ábhar á n-ardú agus á bplé ar feadh naoi mí.
Bhí fiche comhalta an choiste shealadaigh – a raibh triúr iar-airí gnóthaí eachtracha ina measc – ag díriú isteach ar dtús báire ar mhódúlachtaí aontú na Gearmáine agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith acu sin ar fheidhmiú institiúidí an Chomhphobail. Bhreithnigh an Coiste ad hoc um Aontú na Gearmáine go sonrach an gá a bheadh le hathbhreithniú ar na Conarthaí Eorpacha. D’fhéach an Coiste isteach freisin sna dúshláin bhuiséadacha agus airgeadais don Chomhphobal Eorpach a bhainfeadh le PDG a nascadh le PCG. Ar deireadh, thug an Coiste Sealadach aird ar leith ar oibleagáidí tráchtála PDG agus ar na hiarmhairtí a bheadh ag aontú na Gearmáine ar chomhghuaillíochtaí míleata. Faoi chuimsiú a chuid oibre, chuir an coiste sealadach fáilte roimh thuairimí ó bhuanchoistí na Parlaiminte maidir le meastachán níos fearr a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheadh ag aontú stáit na Gearmáine ar réimsí gníomhaíochtaí agus comhbheartais an Chomhphobail Eorpaigh.
I gcomhthráth leis seo ar fad, gan fanacht fiú le torthaí obair an choiste shealadaigh, ghlac na Feisirí Eorpacha sraith nua de rúin thábhachtacha, go sonrach in Aibreán, i mí Iúil agus i nDeireadh Fómhair 1990, maidir le freagairt an Chomhphobail ar aontú na Gearmáine agus maidir leis na himpleachtaí a bheadh aige sin ar phróiseas an Chomhphobail. Sna téacsanna sin, mheas Parlaimint na hEorpa go mbeadh ar an nGearmáin aontaithe rannchuidiú níos tréine ar bhonn polaitiúil agus eacnamaíoch leis an gComhphobal, spreagadh a thabhairt d’fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus éiceolaíoch an iar-PDG agus an Chomhphobail, ach ag an am céanna a bheith ina nasc úsáideach idir an Comhphobal agus tíortha lár agus oirthear na hEorpa.