- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Titim Bhalla Bheirlín
Is san oíche idir an 9 agus an 10 Samhain 1989 a thit Balla Bheirlín agus ba chomhartha é sin don domhan ar fad go raibh deireadh ré ann. Do na Gearmánaigh, is í an tréimhse fhada iarchogaidh a bhí críochnaithe. Tar éis 28 mbliana de dheighilt faoi éigean, bhí teaghlaigh agus cairde in ann bualadh le chéile arís. Fiú má tháinig a thobainne a tharla sé seo aniar aduaidh ar an domhan mór, is rud é a d’éirigh as léirsithe sna sráideanna a bhí ar siúl ag saoránaigh PDG le roinnt míonna roimhe sin agus iad ag éileamh go dtabharfaí isteach athruithe polaitiúla agus eacnamaíocha. Bhí rialtas na Gearmáine Thoir in aghaidh na n-athchóirithe a bhí molta le glasnost agus perestroïka – a seoladh roinnt blianta roimhe sin san Aontas Sóivéadach, agus ní raibh sé in ann mórtheitheadh nua an phobail chun an Iarthair a stopadh. D’fhág sé sin nach raibh ach a ghreim ar éigean ag an rialtas.
Luath sa tráthnóna ar an 9 Samhain, baineadh siar as na hiriseoirí nuair a d’fhógair urlabhraí an chórais ar bhealach mearbhallach go bhféadfadh saoránaigh PDG an tír a fhágáil feasta gan beann ar an áit ar mhian leo an teorainn a thrasnú agus gan aon ghá le húdarú ar leith chuige sin. Níor thúisce an scéal seo craolta ag meáin an Iarthair ná go raibh tionchar láithreach aige: tháinig na mílte saoránach as Oirthear Bheirlín chomh fada leis na pointí trasnaithe teorann. Mar gheall ar an slua ollmhór, agus gan aon treoracha cearta faighte acu, d’ardaigh na gardaí teorann na bacainní. Den chéad uair le beagnach tríocha bliain, bhí muintir Oirthear Bheirlín in ann gluaiseacht faoi shaoirse go dtí an taobh eile den bhalla. Bhí an cuirtín iarainn stiallta; bhí cor nua sa stair.
Éist leis an bpodchraoladh
Parlaimint na hEorpa, titim Bhalla Bheirlín agus athaontú na Gearmáine