- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Rúin ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na Gearmáine a bhí deighilte le linn an Chogaidh Fhuair
Arís agus arís eile i gcaitheamh na mblianta ó 1960 go dtí 1980, bhí Parlaimint na hEorpa tiomanta do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ar fud an domhain a chosaint, go háirithe sna tíortha sin a bhí ar an taobh thall den Chuirtín Iarainn. D’fhéach an Pharlaimint le haird an phobail agus na meán a tharraingt ar na dúshláin sin le díospóireachtaí, seasaimh, rúin, ceisteanna ó bhéal nó i scríbhinn ó na Feisirí, cuairteanna fiosrúcháin, seoladh toscaireachtaí nó éisteachtaí poiblí.
Dá réir sin, i nDeireadh Fómhair 1964 chun comóradh a dhéanamh ar éirí amach phobal Oirthear Bheirlín agus an chreasa forghabhála Shóivéadaigh in aghaidh ‘na daoirse agus na deachtóireachta’, níorbh fhaillí le hUachtarán na Parlaiminte, Jean Duvieusart, a chur in iúl go raibh bá ag an bParlaimint le cinniúint na nGearmánach. Seo mar a labhair sé: “Cinnte, tá na Gearmánaigh ag troid ar son an chirt chun féinchinntiúcháin agus ar mhaithe le hathaontú in aontas agus i saoirse, agus cinnte tá go leor díobh ag íobairt a mbeatha chun na críche sin, ach ón taobh sin againne de ní staonfaimid choíche dár saothar chun réimeas na saoirse a thabhairt i gcrích ar domhan”.
I Lúnasa 1975, síníodh Ionstraim Chríochnaitheach Chomhdháil Heilsincí maidir le slándáil agus comhar san Eoraip agus dá dhroim sin ghlac Parlaimint na hEorpa roinnt seasamh eile. Mheabhraigh sí na gealltanais a tugadh i leith urraim do chearta an duine agus saoirsí sibhialta, go háirithe a mhéid a bhain le teagmhálacha idir daoine agus le teaghlaigh a bhí scartha ó chéile ó tógadh Balla Bheirlín a athaontú. Is dá bhrí sin i 1977, ar iarraidh dhíreach ó shaoránaigh na Gearmáine Thoir ar diúltaíodh cead imirce chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (PCG) go seasta dóibh siúd a bhí ag iarraidh cónaí lena muintir, a d’fhéach Parlaimint na hEorpa ar a áitiú ar údaráis PDG na hoibleagáidí idirnáisiúnta conarthacha a bhí orthu a fhorghníomhú. Bhí ceist na bpríosúnach polaitiúil agus dlíthe ansmachtúla in PDG freisin á n-ardú in go leor óráidí ag Feisirí Eorpacha.