- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Labhraíonn Helmut Kohl agus François Mitterrand os comhair Pharlaimint na hEorpa
Ó ba mhian leis fáiltiú roimh an gcéim seo chun tosaigh ionsar na saoirse san Eoraip agus go labhrófaí ar thitim Bhalla Bheirlín agus ar na hiarmhairtí geopholaitiúla a bheadh aige, thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Enrique Barón Crespo, cuireadh go comhuaineach do Sheansailéir na Gearmáine, Helmut Kohl, agus d’Uachtarán na Fraince, François Mitterrand – a raibh uachtaránacht na Comhairle Eorpaí aige freisin, teacht agus labhairt os comhair na bhFeisirí Eorpacha in Strasbourg.
An 22 Samhain 1989, i láthair uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jacques Delors, roinn Helmut Kohl agus François Mitterand a bhfís i dtaobh na n-imeachtaí a tharla go gairid roimhe sin i mBeirlín agus in Oirthear na hEorpa leis na Feisirí in Strasbourg. Tráth stairiúil agus lán de mhothúcháin a bhí ann. D’athdhearbhaigh an bheirt gurbh é mian na gCeann Stáit agus Rialtais sa dá Bhallstát déag é tacú le gluaiseacht na n-athchóirithe daonlathacha sa chuid sin den Eoraip. Ba dheimhin leo go raibh an rath a bhí ar an gComhphobal Eorpach ina bhonn tagartha agus ina spreagthóir do na himeachtaí a bhí tarlaithe le gairid i lár agus oirthear na hEorpa agus d’áitigh siad go mbeadh ar an gComhphobal a chuid struchtúr inmheánach a threisiú agus bealaí nua a aimsiú chun go bhféadfadh an Comhphobal féin méadú. Le fírinne, ba í Parlaimint na hEorpa an chéad institiúid den Chomhphobal a labhair ar an bhféidearthacht go ndéanfaí an Ghearmáin a athaontú agus go mbeadh deis ag tír as lár nó oirthear na hEorpa teacht isteach sa Chomhphobal Eorpach. Ní dhearnadh faillí ach oiread ar na himpleachtaí don bheartas eachtrach agus slándála, go háirithe a mhéid a bhain le teorainneacha thoir na Gearmáine.