- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- An cheist faoi ionadaíocht mhéadaithe ag an nGearmáin i bParlaimint na hEorpa
Laistigh d’aon bhliain amháin, bhí an Ghearmáin aontaithe mar thír fhlaithiúnta. Bhí Parlaimint na hEorpa fíorshásta leis sin agus ba dheimhin léi go raibh sí in ann ag na himeachtaí stairiúla sin. Ach bhí ceist phráinneach fós le réiteach: le hathaontú na Gearmáine, ardaíodh ceist faoi ionadaíocht dhaonlathach an 16 mhilliún saoránach nua a bhí sa Chomhphobal Eorpach. Dá bhrí sin d’aontaigh Parlaimint na hEorpa suíochán sa tionól a dheonú do 18 mbreathnóir as na cúig réigiún riaracháin (Länder) a bhí san iar-PDG.
Arna dtoghadh go daonlathach i Márta 1990 chuig an Volkskammer (Teach Ionadaíochta an Phobail) sa Ghearmáin Thoir agus iad idir an dá linn ina dtoscairí ag Bundestag na Gearmáine, bhí na breathnóirí sin rannpháirteach ó 1991 ar aghaidh in obair Pharlaimint na hEorpa, na gcoistí parlaiminteacha agus na ngrúpaí polaitiúla. I ndiaidh socruithe loighisticiúla áirithe, bhí siad – ach gan ceart vótála acu – ina gcuid de thoscaireacht na Gearmáine a raibh a hionadaíocht ardaithe anois nó 81 go dtí 99 Feisire agus mhair cúrsaí amhlaidh go dtí go ndearnadh rialáil chinntitheach ar cheist ionadaíochta na mBallstát uile agus ar eagrú na dtoghchán Eorpach i mí an Mheithimh 1994.