- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Tógail Bhalla Bheirlín
Is siombail de dheighilt na hEorpa é Balla Bheirlín a thóg PDG i Lúnasa 1961 chun srian a chur leis an lear mór daoine a bhí ag imeacht ó Oirthear Bheirlín go dtí an tIarthar. Bhí sé i gceist le ‘Balla na Náire’, mar a thugtaí air san Iarthar, an dá chuid den bhaile a scoitheadh go daingean óna chéile. Sprioc mhíleata a bhí sa bhalla, a raibh túir faire agus spotshoilse air chomh maith le sreang dheilgneach ar a bharr, agus ba léiriú ábhartha é ar éagumas an Iarthair agus na Sóivéadach aon réiteach a fháil ar cheist Bheirlín agus aontú ar chonradh síochána a chuirfeadh deireadh faoi dheoidh leis an Dara Cogadh Domhanda. Níor leasc le Tionól Parlaiminteach na hEorpa labhairt amach faoi thógáil an Bhalla.
Ar an 10 agus 11 Deireadh Fómhair 1961, tháinig an Coiste um Ghnóthaí Polaitiúla sa Tionól le chéile i gcruinniú siombalach in Iarthar Bheirlín. Go deimhin, fiú mura raibh siad in ann beart díreach a dhéanamh chun stop a chur le tógáil an bhalla, theastaigh ó na Feisirí a léiriú go raibh an Comhphobal Eorpach dlúthpháirteach le muintir Bheirlín. Ar an láthair, rinne uachtarán an Tionóil, Hans Furler, dearbhú faoin staid i mBeirlín a dúirt sé a bhí ina ‘siombail den Eoraip faoi shaoirse’. Seachtain ina dhiaidh sin, bhí díospóireacht phoiblí ar cheist Bheirlín sa suí iomlánach a bhí ag an Tionól. Le linn na díospóireachta, bhí gach duine a labhair ar an aon fhocal ag cur in aghaidh thógáil an bhalla agus ag cáineadh na n-ionsaithe a bhí córas na Gearmáine Thoir a dhéanamh ar an tsaoirse.
Bhí uachtarán Choimisiún an Chomhphobail Eorpaigh, Walter Hallstein, i láthair ag na díospóireachtaí agus thacaigh seisean freisin le dícheall an Tionóil Pharlaimintigh Eorpaigh ina cháineadh ar na himeachtaí a bhí ag tarlú in Oirthear Bheirlín.