- Taispeántas: Athaontú na Gearmáine
- Parlaimint na hEorpa agus ceart chun féinchinntiúcháin ag na pobail
An 16 Samhain 1989, léirigh Biúró méadaithe Pharlaimint na hEorpa, i gcruinniú urghnách sa Bhruiséil, gur dhíol sásaimh di na himeachtaí a lean titim Bhalla Bheirlín agus oscailt an Bhalla sin agus mheabhraigh sí freisin a thiomanta a bhí an Tionól d’fhéinchinntiúchán na bpobal agus don daonlathas.
Seachtain ina dhiaidh sin ghlac na Feisirí Eorpacha rún ag éileamh ‘ceart féinchinntiúcháin’ do shaoránaigh PDG, ‘lena n-áirítear an fhéidearthacht a bheith mar chuid de Ghearmáin aontaithe in Eoraip aontaithe’. An 9 Feabhra 1990, chuaigh an t-uachtarán Barón Crespo go hOirthear Bheirlín áit a raibh cruinniú aige le roinnt stiúrthóirí gluaiseachtaí daonlathacha. B’ócáid freisin é chun a mheabhrú do chách gurbh é dearcadh Pharlaimint na hEorpa é go gcaithfí déileáil le todhchaí na Gearmáine i gcomhthéacs Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm agus struchtúr a bheith ann a chinnteodh an tsíocháin agus an tsaoirse ar fud na hEorpa. An tseachtain dar gcionn, ghlac an Pharlaimint rún nua inar tugadh aitheantas don cheart a bheith ag na Gearmánaigh uile maireachtáil in aon Stát amháin. Níos déanaí, d’fháiltigh na Feisirí Eorpacha freisin roimh an bhfíoras gurb iad na páirtithe polaitíochta a bhí fabhrach d’aontú na Gearmáine a thug an lá leo i Márta 1990 sna chéad toghcháin dhaonlathacha a eagraíodh in PDG.
An 16 Bealtaine 1990, shocraigh an Seansailéir Helmut Kohl agus Lothar de Maizière, an chéad cheannaire ar PDG a bhí tofa go daonlathach, go n-úsáidfí Parlaimint na hEorpa mar ardán chun a bhfís do thodhchaí a dtíre agus don Eoraip a chur os comhair an phobail le chéile.
Dar le Lothar de Maizière, b’ócáid stairiúil a bhí ann: “Ag an ócáid seo, i mo cháil mar Phríomh-aire ar an gcéad rialtas daonlathach de PDG, agus mé anseo ag caint in bhur láthair tá mo chroí lán de mhothúcháin”, a deir sé. Lean sé ar aghaidh: “Táimid anseo inniu a bhuíochas do mhuintir na Gearmáine Thoir a chuir tús lena gcinniúint féin a thógáil orthu féin i bhfómhar 1989. Mar dhaoine daonna agus ar mhodh síochánta, bhain siad amach a gcearta chun an daonlathais, chun na saoirse agus chun an fhéinchinntiúcháin agus rinne siad amhlaidh le hurraim don dínit do chách.” Agus an Seansailéir Kohl ag caint leis na Feisirí Eorpacha, d’fhéach sé thar aon rud eile lena gcur ar a suaimhneas faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag aontú na Gearmáine ar fheidhmiú institiúidí an Chomhphobail Eorpaigh: “D’fhéach rialtas na Cónaidhme chuige riamh go dtarlódh próiseas aontaithe na Gearmáine ar shlí chobhsaíoch Eorpach. Tá mé tiomanta do phróiseas aontaithe na hEorpa agus próiseas aontaithe na Gearmáine a chur chun cinn ar shlí a chinnteoidh go mbeidh siad ag teacht le chéile chomh mór agus is féidir agus, sa mhéid gurb indéanta sin, de réir sceidil choitinn.”