Saoirsí na saoránach a chosaint
Stair Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Stair Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Ar an 7 Nollaig 2000, rinneadh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fhóghairt go sollúnta ag cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí in Nice. B’fhada a bhí Parlaimint na hEorpa ag éileamh go mbeadh doiciméad den sórt sin ann. Go deimhin, ba thábhachtach leis na Feisirí Eorpacha é go mbeadh a fhios ag gach saoránach cad iad na cearta agus saoirsí bunúsacha atá dlite dóibh san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit agus go raibh córas achomhairc ann a d’fhéadfaí a agairt sa chás go dtarlódh aon sárú ar na cearta nó saoirsí sin. Is mar chreat tagartha a ceapadh an Chairt a tarraingíodh suas ar bhealach a bhí go hiomlán úrnua. Tugann sí le chéile in aon téacs amháin na cearta go léir atá ag saoránaigh na hEorpa agus ag gach duine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach, idir chearta sibhialta, chearta polaitiúla, chearta eacnamaíocha agus chearta sóisialta.
Is cearta bunriachtanacha agus doshannta iad cearta an duine faoi mar a leagtar amach sa Chairt iad. Is é is aidhm don Chairt ná an chosaint a thugtar do na cearta sin a threisiú i bhfianaise an bhealaigh a bhfuil an tsochaí ag athrú, i bhfianaise an dul chun cinn sóisialta atá ar siúl agus i bhfianaise forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá na cearta sin grúpáilte de réir prionsabail bhunúsacha: dínit an duine, saoirsí bunúsacha, comhionannas idir daoine, dlúthpháirtíocht, saoránacht agus ceartas. Tá sé mar chuspóir ag an gCairt freisin aontas buandlúite a chothú idir pobail na hEorpa chun go roinnfidís todhchaí atá bunaithe ar luachanna comónta. Ó 2009, tá na cearta bunúsacha ardaithe go dtí leibhéal na gConarthaí ós rud é go ndéantar tagairt don Chairt um Chearta Bunúsacha i gConradh Liospóin. Tá an Chairt féin i gceangal leis na Conarthaí agus tá sí á cur i bhfeidhm anois i ndlínsí an Aontais Eorpaigh.