- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Glacadh agus scóip dhlíthiúil Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Rinneadh tarraingt suas an dréachta den Chairt a thabhairt i gcrích an 26 Meán Fómhair 2000. An 2 Deireadh Fómhair, ghlac an Coinbhinsiún an téacs go foirmiúil agus seoladh ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí é. Bhíothas in ann, dá bhrí sin, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí in Biarritz (12-13 Deireadh Fómhair) sula ndearna an Chomhairle Eorpach é a fhorfhógairt i Nice an 7 Nollaig 2000. Bhí cuid de na Ballstáit i gcoinne an Chairt a ionchorprú sna Conarthaí bunaitheacha. Os a choinne sin, bhí Ballstáit eile ann – mar aon le Parlaimint na hEorpa – ar theastaigh uathu go mbeadh lánfheidhm cheangailteach ó thaobh dlí ag an gCairt.
Níor stop sé sin institiúidí an Aontais Eorpaigh ó lán-aird a thabhairt ar an gCairt agus ghlac siad chucu é gan mhoill mar shiombail de rialachas lenar tugadh urraim do chearta bunúsacha. Mar sin féin, ní raibh Parlaimint na hEorpa ina luí ar na maidí. Sin an chúis go ndearnadh, in 2004, téacs na Cairte a áireamh sa dréacht-Bhunreacht don Eoraip, a bhí curtha le chéile ag an gCoinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa. Ach diúltaíodh an Conradh sin in 2005 tar éis don vóta ‘Níl’ an bua a fháil i reifrinn sa Fhrainc agus san Ísiltír, agus b’éigean fanacht nó go síneofaí Conradh Liospóin i Nollaig 2007, agus teacht i bhfeidhm an Chonartha sin i Nollaig 2009, sula mbeadh feidhm cheangailteach sa dlí faoi dheireadh ag an gCairt. As sin amach is gné lárnach de dhlíchóras an Aontais atá inti, fiú má d’éirigh leis an Ríocht Aontaithe, an Pholainn agus Poblacht na Seice maolú a fháil sa mhéid nach raibh orthu aon cheann de na cearta bunúsacha nach bhfuil aitheanta ina ndlí náisiúnta a chur i bhfeidhm.