- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Bunú Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
I Meitheamh 1999, i ndiaidh chruinniú na Comhairle Eorpaí in Köln, shocraigh Cinn Stáit nó Rialtais na gCúig Bhallstát Déag ar chódú a dhéanamh ar chearta na saoránach Eorpach chun a dtábhacht uileghabhálach a dhaingniú agus chun go mbeidís níos infheicthe do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Ba gheall le bua do Pharlaimint na hEorpa a bhí sa chinneadh sin. Le bheith fírinneach, bhí cúiseanna éagsúla leis an athrú seo i ndearcadh na Comhairle Eorpaí.
Ar lámh amháin, bhí méadú ag teacht de réir a chéile ar inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus dá réir sin ba mhó ba dhóchúla go mbeadh tionchar ag gníomhaíochtaí institiúidí an Aontais nó na mBallstát ar chearta na saoránach. Ar an lámh eile, ba ghearr go mbeadh tíortha ag teacht isteach san Aontas Eorpach a raibh córais neamhdhaonlathacha i réim iontu go gairid roimhe sin agus ghéaraigh sé sin an imní faoi cheist chearta an duine. Ba ghá dá bhrí sin na cearta bunúsacha agus na luachanna comónta a shainiú in aon téacs amháin, chomh maith lena gcosaint ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Ar deireadh, bhí sé tábhachtach an tráth sin don Aontas Eorpach catalóg bheacht de chearta bunúsacha a bheith aige mar go raibh na cearta sin ag teacht chun cinn níos mó agus níos mó sa chaidreamh a bhí ag an Aontas le tíortha eile.