- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Parlaimint na hEorpa mar cheannródaí
Ón gcéad lá riamh, chuir Parlaimint na hEorpa roimpi cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn. Thionscain sí lear mór tionscnamh polaitiúil sa réimse seo, agus rud suntasach a raibh sí ar a dícheall lena bhaint amach ab ea go ndéanfadh an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a ghlacadh. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Tionól, is é a bhí i gceist riamh ná go dtabharfaí aird chuí ar iomlán na gceart a bhí ag saoránaigh Bhallstáit an Aontais – idir chearta sibhialta, chearta polaitiúla, chearta eacnamaíocha agus chearta sóisialta.
Ó 1975, ba shaoth leis an bParlaimint nach raibh cearta an duine luaite sna Conarthaí a bhunaigh na Comhphobail Eorpacha – ar cúrsaí eacnamaíochta is mó a bhí luaite iontu sin. Dá réir sin, ghlac sí rún inar áitigh sí gur ghá Cairt um Chearta Bunúsacha a chur ar fáil don Aontas Eorpach a bheadh ann sa todhchaí agus gur Cairt de chuid an Aontais féin a bheadh ann. Chreid na Feisirí Eorpacha go mbeadh sé sin ina iomlánú polaitiúil ar an bpróiseas ionsar Eoraip aontaithe. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’éirigh leis na Feisirí a thabhairt ar Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh dearbhú a shíniú i Lucsamburg inar gheall siad in éineacht agus thar ceann a n-institiúidí go ndéanfaí na cearta bunúsacha a urramú.
Ansin, in 1984, ghlac an Tionól – le tromlach an-mhór – togra le haghaidh Conradh ar an Aontas Eorpach (tionscadal Spinelli). Foráladh sa togra sin go nglacfadh an tAontas Dearbhú maidir le Cearta Bunúsacha laistigh de chúig bliana. Minic go leor, ba chrann taca do Pharlaimint na hEorpa a bhí i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach sa mhéid gur leag an Chúirt síos i gcásanna éagsúla ar thug sí breithiúnas orthu go gcaithfidh dlí an Aontais cearta an duine a chosaint.
Tháinig an Ionstraim Eorpach Aonair i bhfeidhm an 1 Iúil 1987 agus meabhraíodh ansin go raibh na Ballstáit tiomanta don daonlathas a chur chun cinn le chéile agus cearta bunúsacha amhail saoirse, comhionannas agus ceartas sóisialta mar bhunús acu dó sin. Ach theastaigh ón bParlaimint tuilleadh a dhéanamh, mar go raibh sí deimhin de go mba choinníoll riachtanach de dhlisteanacht an Chomhphobail a bhí ann urraim a thabhairt do chearta an duine. Dá réir sin, an 12 Aibreán 1989, d’fhógair agus ghlac sí Dearbhú um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha agus d’iarr sí ar na saoránaigh lántacaíocht a thabhairt dó. I measc na gceart bunúsach a theastaigh ó Pharlaimint na hEorpa a chosaint, bhí caomhnú an chomhshaoil agus líon áirithe de chearta sóisialta nua (an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun oideachais, an ceart chun cosanta an tomhaltóra, etc.). Fiú más céim mhór chun cinn a bhí sa téacs sin, agus in ainneoin na soiléirithe a tháinig chun cinn idir an dá linn i gConradh Maastricht agus i gConradh Amstardam, chaithfí ina dhiaidh sin féin fanacht go dtí na 1990idí sula mbeadh iarrachtaí na bhFeisirí Eorpacha curtha san áireamh.