- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Modh caibidlíochta úrnua
Bhí sé tábhachtach do cheannairí na hEorpa go mbeadh na cearta chun saoirse agus comhionannais, na cearta chun trialach córa, na cearta bunúsacha a bhaineann le saoránaigh an Aontais amháin agus cearta eacnamaíochta agus sóisialta sa Chairt a bhí beartaithe. Ba é an príomhchuspóir a bhí ann ná a chinntiú go mbeadh níos mó trédhearcachta sa chóras chun cosaint a thabhairt do chearta an duine agus go dtabharfaí le chéile in aon téacs amháin na cearta reatha ba bhonn do chultúr agus do chóras polaitiúil mhuintir na hEorpa. Ach thar aon rud eile, ba é an nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm an nuáil ba mhó a tharla: in ionad caibidlíocht i measc taidhleoirí a thosú, shocraigh ceannairí na hEorpa dréachtú an téacs a fhágáil faoi mheitheal a bhí comhdhéanta de dhaoine a rinne ionadaíocht ar na Cinn Stáit nó Rialtais, d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus d’ionadaithe ar na parlaimintí náisiúnta. Foráladh freisin go bhféadfadh ionadaithe ón gCúirt Bhreithiúnais a bheith páirteach mar bhreathnadóirí.
Thairis sin, d’fhéadfaí éisteacht a thabhairt d’ionadaithe ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí pobail. Cur chuige an-oscailte a bhí ann, agus má bhí sé nuálach bhí sé móruchtúil freisin. Maidir leis an bpróiseas do ghlacadh na Cairte, leag an Chomhairle Eorpach in Köln síos go ndéanfaí dréacht den téacs a thíolacadh roimh mhí na Nollag 2000 chun go bhféadfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus an Pharlaimint é a fhógairt go sollúnta i dteannta a chéile.