- Taispeántas: Saoirsí na saoránach a chosaint
- Obair an Choinbhinsiúin chun Cairt um Chearta Bunúsacha AE a ullmhú
Ceithre mhí i ndiaidh chruinniú na Comhairle Eorpaí in Köln, is in Tampere, san Fhionlainn, a leagadh síos go críochnaitheach na modhanna oibre sonracha agus comhdhéanamh beacht na meithle a raibh de chúram uirthi dréacht de théacs ina raibh na cearta bunúsacha a tharraingt suas. Cor nua sa stair a bhí anseo: den chéad uair riamh, d’fhéad na Feisirí Eorpacha dul i bpáirt leis na parlaimintí náisiúnta, le hionadaithe na gCeann Stáit agus leis an gCoimisiún Eorpach chun téacs a raibh nádúr bunreachtúil ag roinnt leis a tharraingt suas.
Chuir na 62 chomhalta tús leis an obair sa Bhruiséil an 17 Nollaig 1999. Ag teacht as iarraidh ó roinnt Feisirí Eorpacha, glacadh láithreach le hainm níos siombailí don Mheitheal i.e. ‘Coinbhinsiún’. Bhí an Coinbhinsiún sin comhdhéanta d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (16), de thoscairí ó na parlaimintí náisiúnta (beirt in aghaidh an stáit, nó 30 ar an iomlán), d’ionadaithe na rialtas (15 ag an am) agus d’ionadaí ón gCoimisiún Eorpach (duine). Thairis sin, bhí beirt ionadaithe ó Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus beirt ionadaithe ó Chomhairle na hEorpa, arbh ionadaí ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a bhí i nduine díobh sin, ag cuidiú leis an obair. Leagadh amach freisin go mbeadh idirphlé ann leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, le Coiste na Réigiún agus leis an Ombudsman Eorpach. Ar deireadh, bhí sé i gceist freisin cuireadh a thabhairt do na tíortha iarratasacha a bhí ag teacht isteach san Aontas Eorpach, do ghrúpaí sóisialta agus do shaineolaithe chun go bhféadfaidís cur leis an bplé.
Ba é Roman Herzog, iar-Uachtarán Chúirt Bhunreachtúil na Gearmáine in Karlsruhe agus iar-Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine (an tír tionscanta), a bhí mar chathaoirleach ar an gCoinbhinsiún. Bhí Coiste Dréachtaithe (Praesaidiam) ina chúnamh aige agus bhí dlúthchomhar ann le foireann de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle agus le Tascfhórsa idirsheirbhísí a cuireadh ar bun go speisialta chun cúnamh a thabhairt do thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa i gcaitheamh na hoibre. Cuireadh tús le hobair an Choinbhinsiúin agus an Phraesaidiam i bhfoirgneamh na Comhairle ach ina dhiaidh sin is i bhfoirgneamh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil a leanadh de mhórán an chuid eile den obair, rud a bhí ina éascú mór do na Feisirí Eorpacha a raibh an ról príomha acu i dtarraingt suas na Cairte.
Ba léir go luath gur chun tairbhe na díospóireachta a bhí sé an cúlra ilchineálach seo a bheith ag comhaltaí an Choinbhinsiúin. I gcaitheamh na naoi mí a mhair obair an Choinbhinsiúin, bhí cur chuige úrnua ann san idirphlé leis an tsochaí shibhialta trí aighneachtaí ó na dosaein d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus trí éisteachtaí a eagrú leo. Chinn an Coinbhinsiún, ón tús, a chuid cinntí a dhéanamh trí chomhthoil na gcomhaltaí. Bhí gníomhaíocht an Choinbhinsiúin thar a bheith trédhearcach, sa mhéid gur tionóladh a chuid seisiúin go poiblí agus go raibh na doiciméid ullmhúcháin ar fad ar fáil go réidh ar shuíomh gréasáin ar leith.