Teach Jean Monnet
Baile a chruthú don Eoraip
Baile a chruthú don Eoraip
Bhí Jean Monnet (1888-1979) ar dhuine de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh. Chaith sé a shaol ag obair chun muintir na hEorpa a thabhairt le chéile agus aontacht agus síocháin a bhunú san Eoraip agus ar fud an domhain. Cruthaíodh an fhís a bhí aige d’Eoraip aontaithe, fís a d’athródh an mhór-roinn seo go deo, anseo ina theach tuaithe ar imeall Pháras. I gcaitheamh na mblianta, tháinig daoine mór le rá agus ceannairí ó gach cearn den domhan go Houjarray chun bualadh le Monnet agus todhchaí na hEorpa a phlé. Tar éis dó uafáis an Dara Cogadh Domhanda a fheiceáil, is anseo a d’oibrigh Monnet chun tíortha Eorpacha a thabhairt le chéile agus chun Eoraip láidir aontaithe a chruthú. Mar thoradh air sin, shocraigh an Fhrainc agus an Ghearmáin a dtáirgeadh cruach agus guail a thabhairt le chéile faoi údarás coiteann, rud a d’fhág nach bhféadfadh an dá thír tús a chur leis an gcogadh arís. Réitigh sé sin an bealach don Aontas Eorpach mar atá sa lá atá inniu ann. Agus is anseo a thosaigh sé ar fad – ag Houjarray, an baile don Eoraip.