- Taispeántas: Teach Jean Monnet
- Jean Monnet, dhuine de bhunaitheoirí na hEorpa
Rugadh Jean Monnet sa bhliain 1888 agus chaith sé a shaol ag obair chun Eorpaigh a thabhairt le chéile. Sa lá atá inniu ann, féachtar air mar phearsa lárnach i stair na lánpháirtíochta Eorpaí. Thosaigh sé ag obair i gcuideachta trádála cognac a theaghlaigh ar dtús, ach níorbh fhada gur chuir sé suim sna heagraíochtaí a bhí ag obair ar chomhar idir na Comhghuaillithe le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ceapadh é ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Náisiún ansin, sula ndeachaigh sé i mbun gairme mar bhaincéir idirnáisiúnta. Agus cogadh san Eoraip arís faoi 1940, mhol Monnet go gcruthófaí Aontas Franc-Bhriotanach a dhéanfadh an dá thír a chumasc go hiomlán mar bhealach chun an lámh in uachtar a fháil ar na Naitsithe. Cé nár éirigh leis an tionscadal sin, lean Monnet lena iarrachtaí ar son an daonlathais agus ceapadh é ina cheann ar an gClár um Bua i Washington, D.C.
Tar éis 1945, bhí Monnet freagrach as an bPlean a bhí ag Coimisiún Ginearálta Bhord Pleanála Náisiúnta na Fraince don Nuachóiriú agus Trealamh. Mheas Monnet nach bhféadfadh rathúnas agus slándáil na tíre feidhmiú ach amháin le comhar eacnamaíoch na stát Eorpach. Bhí an Cogadh Fuar ag dul i dtreis go tapa agus bhí a fhios aige gurbh é an t-aon bhealach chun fíor-dhlúthpháirtíocht a chruthú idir na comhpháirtithe Eorpacha ná a chinntiú go gcruthófaí Eoraip fheidhmiúil trí chomhtháthú i roinnt príomhearnálacha. Ar an mbealach seo, leagadh an bunsraith do ‘mhodh Monnet’: céimeanna beaga a ghlacadh i treo a chéile agus ceannasacht a aistriú chuig comhlachtaí fornáisiúnta. Chun an modh seo a chur i gcrích, bhí gá le háitiú diongbháilte, saothrú comhpháirteach leasanna comhroinnte, agus go leor eagrúcháin.
In 1950, mhol Monnet do Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, gur cheart tionscail ghuail agus chruach thíortha Iarthar na hEorpa a chur faoi chomhréim agus go mbunófaí Ard-Údarás chun na hearnálacha sin a raibh tábhacht straitéiseach ag baint leo a riar go díreach agus go neamhspleách. Rinne an tArd-Údarás, ag gníomhú dó ar mhaithe le leas gach duine, an féinleas náisiúnta a chomhrac go héifeachtúil. Dá ndéanfaí gual agus cruach a chomhthiomsú, bheadh cogadh nua idir an Fhrainc agus an Ghearmáin doshamhlaithe agus dodhéanta ó thaobh ábhair de, rud a sheachnódh na huafáis a tharla san Eoraip roimhe sin. Tháinig an aisling sin i gcrích nuair a cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) in 1951: do Monnet, ba é seo an chéad chéim i dtreo ‘Stáit Aontaithe na hEorpa’.
Mar chéad Uachtarán ar Ard-Údarás CEGC i Lucsamburg, bhí Jean Monnet tiomanta go daingean don Chomhphobal Eorpach Cosanta, agus bhí súil aige go gcruthódh sé arm Eorpach laistigh de chreat polaitiúil nua. Ach theip ar an tionscadal sin toisc go raibh eagla ar an bhFrainc go gcaillfeadh sí a ceannasacht náisiúnta. Mar sin, d’éirigh Monnet as an bpost agus chuir sé Coiste Gníomhaíochta do Stáit Aontaithe na hEorpa ar bun i 1955 chun leanúint lena iarrachtaí. Agus ceannairí polaitiúla agus ceardchumainn á dtabhairt le chéile aige, ghníomhaigh an Coiste sin mar ghrúpa brústocaireachta ar feadh os cionn 20 bliain chun éachtaí nithiúla a chur chun cinn ar mhaithe le hEoraip aontaithe. Spreag Monnet cruthú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), agus thacaigh sé le haontachas na Ríochta Aontaithe leis na Comhphobail Eorpacha agus leis an gcinneadh airgeadra coiteann Eorpach a chruthú freisin. Thacaigh sé le bunú Chomhairle Eorpach na gCeannairí Stáit nó Rialtais in 1974, rud a thug ceannairí na hEorpa níos gaire dá chéile ar mhaithe le saoránaigh uile na hEorpa. Bhásaigh Jean Monnet in 1979, cúpla mí roimh na chéad toghcháin Eorpacha a bhí á n-éileamh aige.