- Taispeántas: Teach Jean Monnet
- Houjarray a shábháil do na glúnta atá le teacht
Tar éis bhás Jean Monnet, ghlac Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Emilio Colombo céimeanna éagsúla chun Houjarray a cheannach mar chuid d’oidhreacht choiteann stairiúil agus chultúrtha mhuintir na hEorpa. Dúirt na daoine a bhí gar do Monnet gur iarr sé, go gairid roimh a bhás, go ndéanfaí an teach a úsáid chun fáilte a chur roimh dhaoine óga. D’oibrigh Parlaimint na hEorpa chun an sprioc sin a chur i gcrích agus chun spás don oideachas, don nascadh agus don phlé a chruthú don Eoraip ar fad. Síníodh an gníomhas díolacháin idir oidhrí Monnet agus an Pharlaimint an 7 Nollaig 1982.
Tuigeann Parlaimint na hEorpa a thábhachtaí atá sé rannchuidiú le caomhnú oidhreacht stairiúil na hEorpa agus urraim a léiriú do dhuine de bhunaitheoirí na hEorpa. Tá sé mar aidhm aici an teach seo a bheith ina pointe fócais comharthach agus ina áras do mheon lánpháirtíochta na hEorpa. Tar éis athchóiriú na feirme, cinneadh gur cheart go mbeadh sé ina spás ina bhféadfadh daoine bualadh le chéile, díospóireacht a dhéanamh agus foghlaim faoi lánpháirtiú na hEorpa. Ní hí an Pharlaimint amháin a bhí spreagtha chun leanúint d’oidhreacht Jean Monnet: chinn a sheanchairde an Association des Amis de Jean Monnet [Cumann Chairde Jean Monnet] a bhunú i bPáras, agus é mar aidhm leis leanúint ag cur cuimhne Monnet, a chuid oibre agus a theagasc chun cinn.
Níorbh fhada go ndearnadh músaem de Theach Jean Monnet atá tiomnaithe do shaol a iar-úinéara agus d’fheidhmiú an Chomhphobail Eorpaigh. Osclaíodh don phobal é in 1987 i láthair iar-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa Pierre Pflimlin agus Simone Veil. Ar chomóradh céad bliain a bhreithe, d’fhógair institiúidí an Chomhphobail Eorpaigh 1988 mar ‘Bhliain Eorpach Jean Monnet’, agus an bhliain chéanna, ar mholadh Uachtarán na Fraince, François Mitterrand, aistríodh a luaithreach chuig an Panthéon. In 1990, síníodh comhaontú idir Association des Amis de Jean Monnet agus Parlaimint na hEorpa. Dheonaigh an Pharlaimint cúraimí oibrithe agus bainistithe an tsuímh ar an gcumann faoi fhreagracht a hOifige Faisnéise i bPáras.