- Taispeántas: Teach Jean Monnet
- Todhchaí athnuaite d’áit chruinnithe na hEorpa
Tá Parlaimint na hEorpa ag cinntiú go leanfaidh ról tábhachtach na háite seo, áit stairiúil inar tháinig ann do lánpháirtiú na hEorpa, i dtodhchaí na hEorpa. Idir 2012 agus 2022 rinneadh go leor athruithe ar an bhfoirgneamh. Rinneadh an seomra comhdhála a leathnú agus an pháirc mórthimpeall an tí a athrú chun spás a chruthú inar féidir le saoránaigh bualadh le chéile agus saol agus smaointe Monnet a phlé.
Fáiltíonn an teach anois roimh réimse leathan cuairteoirí ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin, a bhaineann taitneamh as an taithí oideachais shaibhir seo i suíomh uathúil Houjarray. Tagann na mílte duine gach bliain do thurais threoraithe, do ghníomhaíochtaí oideachais, do chomhdhálacha, do cheardlanna téamacha agus do sheimineáir taighde. Tá comhpháirtíochtaí le scoileanna agus daoine óga á gcruthú ag an gcomhaontú comhoibrithe le Réigiún Île-de-France. Cuirtear fáilte freisin roimh aíonna ó gach cearn den domhan trí Chlár Cuairteoirí an Aontais Eorpaigh.
In 2013, bhronn Aireacht Cultúir na Fraince lipéad ‘Maison des Illustres’ [Teach Mór le Rá] ar Theach Jean Monnet, teideal nach n-úsáidtear ach d’áiteanna a chaomhnaíonn agus a tharchuireann cuimhne dhaoine tábhachtacha. Déanann músaem an tí iniúchadh ar an méid a rinne Monnet chun Eoraip aontaithe a thógáil, chomh maith le spléachadh a thabhairt ar a shaol príobháideach. Cuireann an taispeántas idirghníomhach carachtar agus turas Monnet i láthair sa chomhthéacs stairiúil, rud a ligeann do chuairteoirí coincheapa ríthábhachtacha na féiniúlachta Eorpaí agus na haontachta Eorpaí a fheiceáil san áit ar cruthaíodh iad. Déanann gníomhaíochtaí ilmheán an mhúsaeim iniúchadh freisin ar ábharthacht Monnet dár sochaí nua-aimseartha, ag léiriú conas a mhúnlaigh Jean Monnet an Eoraip atá againn sa lá atá inniu ann agus conas a imríonn institiúidí an Aontais Eorpaigh tionchar ar shaol laethúil na saoránach.
Tá Teach Jean Monnet mar chuid de Líonra Pharlaimint na hEorpa de Thithe Polaitiúla agus Fondúireachtaí na nEorpach Mór le Rá, a bhfuil sé mar aidhm aige malartuithe agus comhar a fhorbairt, go háirithe i réimse an chaidrimh leis na saoránaigh. Faoi cheannaireacht Pharlaimint na hEorpa, cabhraíonn an t-ionad le luach a thabhairt don chuimhne ar stair pholaitiúil choiteann. I mí Eanáir 2020, tháinig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh faoi seach le chéile in Houjarray chun machnamh a dhéanamh ar dhúshláin na hEorpa amach anseo, ar a háit sa domhan, agus ar uaillmhianta aeráide agus digiteacha an Aontais. Le teach aíochta nua ar an láthair anois freisin, tá Teach Monnet ina ‘Camp David’ do Pharlaimint na hEorpa, áit ar féidir le príomhcheannairí teacht le chéile agus díospóireacht a dhéanamh in áit bhreithe aontacht na hEorpa.
Tá Houjarray anois ina shuíomh d’Acadamh Jean Monnet freisin. Cuireann an tAcadamh cláir ghairmoiliúna éagsúla ar fáil d’fhoireann Pharlaimint na hEorpa chun cabhrú leo freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na hEorpa. Sa bhreis ar chruinnithe Bhiúró Pharlaimint na hEorpa, óstálann Teach Jean Monnet comhdhálacha idirnáisiúnta eolaíochta faoi chuimsiú sheimineáir Jean Monnet. Eagraítear cruinnithe faoi chuimsiú Idirphlé Jean Monnet ar son na Síochána agus an Daonlathais freisin chun freagraí a thabhairt ar chásanna ina bhfuil teannas polaitiúil i dtíortha amhail an Úcráin, an tSeirbia agus an Mhacadóin Thuaidh. Déantar an t-idirphlé tábhachtach sin de réir na bprionsabal a bhí ag Jean Monnet é féin: pragmatachas, gníomhaíocht nithiúil agus díriú ar idirphlé chun torthaí a bhaint amach trí chomhthoil.
Tá an cuspóir céanna ag na tionscnaimh sin go léir: teach Jean Monnet a choinneáil mar ionad cuimhne, cruinnithe agus inspioráide ina gcuimsítear an smaoineamh Eorpach agus inar féidir le saoránaigh eolas a fháil faoi stair, faoi fheidhmiú agus faoi dhúshláin an Aontais Eorpaigh. A bhuíochas don Pharlaimint, tá an teach i Houjarray caomhnaithe anois do na glúnta atá le teacht mar ionad oideachais, naisc agus idirghabhála, ag roinnt bunluachanna Monnet, eadhon síocháin agus dlúthpháirtíocht, le saoránaigh ar fud na hEorpa.