- Taispeántas: Teach Jean Monnet
- Houjarray: áit chuimhne, áit inspioráide
Is deacair a chreidiúint gur sa ghnáth-theach teaghlaigh seo, atá ar an gcúlráid ach fós gar do chathair bhríomhar Pháras, a forbraíodh todhchaí na hEorpa agus ar a háit i ngnóthaí domhanda. Is anseo a bunaíodh fís Jean Monnet don tsíocháin agus d’aontacht na hEorpa. Theastaigh ó Monnet go n-athrófaí a theach teaghlaigh ina ionad a chuireadh fáilte roimh dhaoine óga, agus chomhlíon Parlaimint na hEorpa an gealltanas sin trí ionad cuimhne agus idirghníomhaíochta a dhéanamh den teach ag Houjarray atá ar oscailt do chuairteoirí: spás don fhoghlaim, don phlé agus don idirghabháil. Is é an áit is fearr chun eolas a chur ar thimpeallacht mhaireachtála agus oibre duine d’ailtirí Aontas Eorpach an lae inniu.
I mí na Nollag 1982 cheannaigh Parlaimint na hEorpa Teach Jean Monnet do na glúnta atá le teacht. Chomh maith le féachaint ar ghairmréim phoiblí an státaire thábhachtach seo, féachtar freisin ar shaol pearsanta an fhir féin. Ar an gcaoi sin, nasctar daoine go díreach le hobair Monnet agus fiosraítear a thábhachtaí atá an obair sin in Eoraip an lae inniu.
Ní bhaineann an foirgneamh seo le caomhnú bunús an Aontais amháin: is áit é chun spreagadh a fháil agus machnamh a dhéanamh ar thodhchaí na hEorpa mar eintiteas aontaithe. Agus an todhchaí atá romhainn ag éirí níos éiginnte agus níos dúshlánaí, tá sé ríthábhachtach aird a thabhairt ar theachtaireachtaí an spáis stairiúil seo. Dá bhrí sin, tá spreagadh nua ann do Theach Jean Monnet chun feasacht a mhúscailt faoi oidhreacht dhuine de bhunaitheoirí seo na hEorpa trí na luachanna síochána agus dlúthpháirtíochta a bhí aige a roinnt le pobal leathan agus chun an nasc idir uaillmhianta Monnet agus an obair atá á déanamh ar an ardán Eorpach inniu a léiriú. Chomh maith le gníomhaíochtaí nua a eagrú agus go leor imeachtaí a óstáil don phobal, tá an foirgneamh ag oscailt a dhoirse mar spás do Pharlaimint na hEorpa chun bualadh le ceannairí agus todhchaí na hEorpa a thógáil anseo san áit ar cuireadh tús le lánpháirtiú na hEorpa.