Maidir linne
Roinnimid an oidhreacht seo agus cuirimid chun cinn í ionas gur féidir le gach duine í a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti i gcomhair foghlama, oibre nó spraoi, fiú.
Roinnimid an oidhreacht seo agus cuirimid chun cinn í ionas gur féidir le gach duine í a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti i gcomhair foghlama, oibre nó spraoi, fiú.
Cuireann Europeana rochtain dhigiteach ar ábhar oidhreachta Eorpach ar fáil do dhíograiseoirí, gairmithe, múinteoirí agus taighdeoirí na hoidhreachta cultúrtha. Cén fáth? Chun léargais úra ar ár stair agus ár gcultúr a spreagadh agus bonn eolais a chur fúthu agus chun comhráite fúthu a thosú. Chun ár n-oidhreacht chultúrtha shaibhir a roinnt agus taitneamh a bhaint aisti. Chun leas a bhaint aisti ar mhaithe le gnéithe nua a chruthú.
Tugaimid rochtain duit ar na milliúin míreanna den oidhreacht chultúrtha ó institiúidí ar fud na hEorpa. Cuir eolas ar shaothair ealaíne, leabhair, ceol, agus físeáin faoin ealaín, nuachtáin, seandálaíocht, faisean, eolaíocht, spórt agus go leor eile.
Is breá linn na bealaí cruthaitheacha lena mbaineann tú úsáid as a bhfaigheann tú in Europeana a fheiceáil, cibé acu múinteoirí ag forbairt acmhainní i gcomhair ceachtanna, forbróirí ag baint úsáide as ár gcomhéadan feidhmchláir (API) foinse oscailte chun cluichí a chruthú, nó daoine a bhfuil dúil acu sa chultúr ag cruthú bronntanas agus ag insint scéalta atá i gceist.
Táimid ag brath ar na mílte gailearaithe, leabharlanna, cartlanna agus músaeim Eorpacha a bhfuil an dearcadh céanna acu linn féin go bhfuil athrú ó bhonn ag baint le rochtain ar an oidhreacht chultúrtha – cumasaíonn sí daoine agus baineann an tsochaí ina iomláine tairbhe aisti.
Mar gheall ar a dtiomantas agus cnuasaigh á dtabhairt ar líne agus ar a dtoilteanas iad a roinnt, is féidir linn an bailiúchán mór ilghnéitheach sin d’oidhreacht chultúrtha Eorpach iontaofa a thairiscint do chách.
Cuirimid ábhar oidhreachta cultúrtha ó 2000 institiúidí éagsúla, a bheag nó a mhór, ar taispeáint – ach ní oibrímid le gach aon cheann díobh ar bhonn indibhidiúil. Ina áit sin, bailíonn gréasáin chomhpháirtithe bailithe na sonraí, déanann iad a sheiceáil go críochnúil agus cuireann leo le faisnéis amhail geoshuíomh, nó nascann iad le hábhar nó tacair sonraí eile trí dhaoine, áiteanna nó topaicí bainteacha.
Chun comhpháirtíochtaí nó faisnéis ar an mbealach a gcumasaíonn Europeana an earnáil oidhreachta cultúrtha ina hathrú digiteach ó bhonn a aimsiú, tabhair cuairt ar ár gcomhláithreán gréasáin i gcomhair gairmithe, Europeana Pro.