An Eoraip a Mhúnlú
Teorainneacha na hEorpa a athrú: Na 1990í
An todhchaí a shamhlú in Eoraip athshainithe
An todhchaí a shamhlú in Eoraip athshainithe
Leanadh ar aghaidh le hEoraip gan teorainneacha a fhorbairt sna 1990í, le tuilleadh forleathnaithe, seoladh an mhargaidh aonair, taisteal gan teorainneacha, agus an euro. Conas a d’fhreagair vótálaithe sa vótáil?
1994: Eoraip nua le Conradh nua
Bhí cuma éagsúil ar fad ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh ó na toghcháin a tharla roimhe sin. Bhí an Ghearmáin athaontaithe agus spreag briseadh suas na hIúgslaive teannas a bhí ina chúis le cogaí foréigneacha a lean ar aghaidh ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin.
Spreag léirsithe síochánta agus máirseálacha agóide a rinne eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a bunaíodh go gairid roimhe sin in Oirthear na Gearmáine, titim bhalla Bheirlín an 9 Samhain 1989. Bhí an réabhlóid shíochánta fite fuaite i sraith imeachtaí ó ghluaiseacht Solidarność sa Pholainn, an Phicnic Phan-Eorpach san Ungáir, Réabhlóid na Veilbhite sa tSeicslóvaic, go dtí an Bealach Baltach, agus réabhlóid fhoréigneach na Rómáine. Ar fud lár agus oirthear na hEorpa, chuaigh daoine amach ar na sráideanna chun comhrac go síochánta agus in aontacht ar son an daonlathais, saoirse gluaiseachta agus an smachta reachta.
San Aontas, lean an comhtháthú ar aghaidh. Síníodh Conradh Maastricht – cloch mhíle mhór, inar leagadh síos rialacha soiléire don airgeadra aonair a bhí le teacht chomh maith leis an mbeartas eachtrach agus slándála agus comhar níos dlúithe i gcúrsaí ceartais agus gnóthaí baile. Fuair an Pharlaimint ról níos mó sa phróiseas cinnteoireachta nuair a tugadh isteach an nós imeachta comhchinnteoireachta. Ina theannta sin, bheadh an Coimisiún Eorpach le formheas ag Parlaimint na hEorpa sula rachadh sé i mbun oifige.
Thosaigh an margadh aonair le 12 Bhallstát in 1993, lenar cuireadh ar chumas daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil bogadh thart faoi shaoirse sna tíortha sin. Sa lá atá inniu ann, tá 27 mBallstát uile an Aontais páirteach sa mhargadh, móide an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, agus an Eilvéis.
Don chéad uair, bhí saoránaigh an Aontais ábalta vótáil ina dtír chónaithe, fiú mura raibh náisiúntacht acu inti. Ba chéim i dtreo fíordhaonlathas Eorpach é ligean do shaoránaigh a gcearta daonlathacha a fheidhmiú, beag beann ar a n-áit chónaithe san Aontas.
1999: Teorainneacha a bhriseadh san Eoraip
Chuaigh vótálaithe ón Ostair, ón bhFionlainn agus ón tSualainn ag vótáil sna toghcháin Eorpacha den chéad uair.
I Márta 1999, d’éirigh an Coimisiún Eorpach faoin Uachtarán Jacques Santer as oifig mar gheall ar bhrú ó Pharlaimint na hEorpa.
Tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm i mBealtaine 1999, inar simplíodh agus inar leathnaíodh cur i bhfeidhm nós imeachta reachtach na comhchinnteoireachta, ina ndearnadh comhreachtóirí den Pharlaimint agus den Chomhairle i mórán réimsí. Idir an dá linn, bhí méadú i dtreo oirthear na hEorpa le teacht.
Tháinig Comhaontú Schengen (1995) i bhfeidhm sna chéad seacht dtír – an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, agus an Spáinn. Bhí taistealaithe ábalta bogadh idir na tíortha sin anois gan aon rialuithe pas ag na teorainneacha.
Ba í an fhostaíocht an phríomhthosaíocht do vótálaithe, chomh maith le bearta chun drugaí agus coireacht a chomhrac, agus an comhshaol agus beartas tomhaltóirí. Ba cheist shuntasach don phobal í an ghéarchéim sa Chosaiv freisin.