Conas a rinne bean tí ó Dresden athrú as éadan ar an dóigh a n-ólaimid caife
Más oltóir caife thú, gach seans gur bhlais tú caife scagaire. Is mór ag daoine ar breá leo caife a dhéanamh ar an dóigh an blas glan, geal seasmhach a bhaineann leis. Déan cupán deas caife duit féin agus léigh an scéal faoin té a chéadcheap an scagaire caife, Melitta Bentz. Scéal é seo faoi sheasmhacht, faoi fhadhbanna a réiteach trí thriail agus earráid agus fiontraíocht na mban go luath sa 20ú haois.
Tóraíocht ar chupán caife níos taitneamhaí
Rugadh Amalie Auguste Melitta Liebscher ar an 31 Eanáir 1873 in Dresden i dteaghlach fiontraithe. Foilsitheoir agus díoltóir leabhar ba ea a hathair, agus bhí grúdlann ag a seantuismitheoirí.
Ag deireadh na 1890í, thit sí i ngrá agus phós sí Johannes Emil Hugo Bentz, úinéir gnó bhig. Níl mórán eolais againn faoina cuid oideachais. Bean tí a bhí inti, bhí teach á réachtáil aici agus thug sí aire dá fear céile agus dá bpáistí: beirt mhac, Willy agus Horst, agus iníon Herta.
Tá a fhios againn freisin gur thosaigh Melitta a laethanta le cupán caife, rud a d'fhág blas searbh uirthi ar a liopaí. Nó dríodar caife ina béal. Ba iad na modhanna déanta caife caighdeánach a bhíodh á n-úsáid ina ré síothlóirí poircealláin nó scagairí fabraice. Tháirgfeadh siad sin caife ródhéanta lena bhfágtaí dríodar caife ar snámh sa chupán go minic. Rud coitiana a bhí ann seo ar ghlac an chuid eile den domhan leis - ach ní Melitta.
Bhí a fhios aici go gcaithfidh bealach a bheith ann chun cupán caife glan blasta a chruthú. Mar sin, chinn sí go n-aimseodh sí é. Sin mar a thosaigh sí a tóir ar chupán caife níos taitneamhaí trí thriail agus earráid, agus thástáil sí gach cineál ábhar agus teicnící. Lá amháin, tháinig sí ar réiteach a tháirg caife glan blasta.
Ó leabhar nótaí scoile go feasachán paitinne
An t-ábhar a chuidigh le Melitta Bentz caife gan aon cháithníní a fháil ná páipéar súite as leabhar nótaí scoile a mic is sine. Chuir sí poill i mbun pota práis agus chuir sí an páipéar os a chionn. Bhí sí sásta le blas an chaife a ullmhaíodh ar an dóigh sin.
Thaispeáin sí a fionnachtain dá cairde. Agus í spreagtha ag a ndíograis agus ar an eolas faoi acmhainneacht mhór a smaoinimh, chinn sí a haireagán a thabhairt chur ar an margadh agus rinneadh sí iarratas ar phaitinniú.
Ar an 20 Meitheamh 1908, dheonaigh Oifig na bPaitinní Impiriúla cosaint dá samhail fóntais dá scagaire cruinn ar a bhfuil páipéar scagaire réamhdhéanta. Foilsíodh an phaitinn go hoifigiúil in 'Patentblatt' (feasachán paitinne) i mí Iúil 1908.
Gnó teaghlaigh faoi bhláth a fhás
Thosaigh Melitta a cuideachta 'M. Bentz' i seomra d'árasán a muintire le caipiteal tosaigh de 72 pfennig. Ba iad fear céile agus mic Melitta céad fhostaithe na cuideachta.
Bhí rath ar an ngnó agus taobh istigh de chúpla bliain fuarthas bonn óir ina leith ag an Taispeántas Idirnáisiúnta Sláinteachais in Dresden. D'éirigh an t-árasán róbheag don chomhlacht rathúil. Bhog sé go dtí ceanncheathrú nua in Dresden agus tosaíodh ag fostú fostaithe seachas baill teaghlaigh.
Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, d'éirigh páipéar gann agus chuir rialtas na Gearmáine cosc ar allmhairiú pónairí caife. B'éigean táirgeadh scagairí a chur ar feitheamh: chinn Melitta tús a chur le boscaí cairtchláir a tháirgeadh chun teacht slán. Rith sí an gnó ar fad léi féin mar gur cuireadh a fear céile ar dualgas.
Nuair a bhí an cogadh thart, cuireadh tús arís le táirgeadh scagairí agus thosaigh an chuideachta ag méadú go tapa arís. In 1925, sheol Melitta a chuid pacáistí tipiciúla dearga agus glasa chun go mbeadh sé éasca an branda a aithint agus é a chosaint ar aithriseoirí iomadúla. Sna 1930í, síneadh úinéireacht na cuideachta chuig beirt mhac Melitta.
Sa lá atá inniu ann, is gnó teaghlaigh fós é. Le himheacht ama, rinneadh cuideachta dhomhanda di - é sin go léir ó thurgnaimh Melitta Bentz.