Ag obair ar mhaithe leis an ealaín agus leis an eolaíocht
Léigh scéalta ocht bhean a tháirg cuid de na léirithe is mionsonraithe agus is cruinne de phlandaí, ag cur leis an ealaín agus leis an eolaíocht araon, in ainneoin na ndúshlán, lena n-áirítear rochtain theoranta.
Berthe Hoola van Noten
Ealaíontóir luibheolaíoch as an Ísiltír ba ea Berthe Hoola van Nooten (1817-1892) a raibh cáil uirthi as a léaráidí in 'Fleurs, Fruits et Feuillages Choisis de l'Ile de Java' in 1863-64.
D'fhoilsigh sí 40 pláta ar a léirítear speicis phlandaí spéisiúla ó Javain sa Bhruiséil in 1863. Bhí siad sin tiomnaithe do Sophia Mathilde, bean chéile Rí Liam III na hÍsiltíre. Bhí sí pósta ar Dirk Hoola van Nooten. Thaistil siad le chéile, agus chuir siad scoil Phrotastúnach do chailíní ar bun in New Orleans. Bhí sí bocht nuair a fuair sí bás in Iacárta agus í 74 bliain d'aois.
Madeleine-Françoise Basseporte
Péintéir as an bhFrainc ba ea Madeleine Françoise Basseporte (1701-1780), a rugadh agus a fuair bás i bPáras. Sular ceapadh í mar Phéintéir Ríoga do Ghairdín agus Caibinéad an Rí - an chéad bhan-ealaíontóir a raibh an post seo aici - rinne sí speisialtóireacht i bportráidí pastail.
Bhí an-cháil ar Basseporte as a léaráidí luibheolaíocha, a ghlac cur chuige eolaíoch a bhí dírithe ar struchtúr plandaí. Bhí tionchar aici ar oideachas agus oiliúint ealaíontóirí eile, iníonacha King Louis XV ina measc.
Alida Withoos
Ealaíontóir agus péintéir luibheolaíoch as an Ísiltír ba ea Alida Withoos (c.1661/62-1730). Rugadh in Amersfoort í agus ba é a hathair a chur oiliúint uirthi. Ní raibh oiliúint ar mhná san ealaín coitianta ina ré, ach bhain Withoos cáil amach mar phéintéir, go háirithe as a cuid íomhánna luibheolaíocha.
Bhí sí ar dhuine den iliomad ealaíontóirí a phéinteáil plandaí ag teach mór tuaithe Vijverhof i seirbhís an bhailitheora ealaíne agus an ghairneora Agnes Block. In 1687, phéinteáil sí an chéad anann a d'fhás san Eoraip.
Johanna Helena Herolt-Graff
Ealaíontóir luibheolaíoch ón nGearmáin ón 18ú haois ba ea Johanna Helena Herolt (1668-1723). Ba í a máthair, Maria Sibylla Merian a d'fhoghlaim péinteáil di.
Tá clú agus cáil uirthi as a pictiúir de bhláthanna agus d'ábhair luibheolaíocha, cosúil le saothar a máthar. D'oibrigh Herolt agus a máthair le chéile ar go leor saothar, The Insects of Suriname, a raibh an-tóir air, ina measc. Tá a cuid pictiúr beoga, le dathanna saibhre i gcoinne an veillim. Bhí a fhios aici conas plandaí a eagrú chun an tionchar is mó agus is féidir a fháil.
Augusta Innes Withers
Maisitheoir staire nádúrtha as Sasana ba ea Augusta Hanna Elizabeth Innes Withers (1792-1877) a raibh cáil uirthi as a comhshaothar le Sarah Drake ar 'Orchidaceae of Mexico and Guatemala' a rinne an gairneoir James Bateman .
Ceapadh í mar 'Flower Painter in Ordinary' don Bhanríon Adelaide agus don Bhanríon Victoria, agus léirigh sí léaráidí d'fhoilseacháin éagsúla, lena n-áirítear Pomological Magazine le John Lindley.
Sarah Anne Drake
Maisitheoir luibheolaíoch as Sasana ba ea Sarah Anne Drake (1803-1857) a bhfuil cáil uirthi as a comhshaothair le John Lindley agus Augusta Innes Withers.
Chruthaigh sí níos mó ná 1000 léaráid d'fhoilseacháin ar nós 'Edwards's Botanical Register', Orchidaceae of Mexico and Guatemala le James Bateman, Plantae Asiaticae Rariores le Nathaniel Wallich, agus Léaráidí de luibheolaíocht agus de bhrainsí eile de stair nádúrtha Shléibhte na Himiléithe de chuid John Forbes Royle.
Tháinig deireadh lena gairm nuair a chuaigh Botanical Register as gnó in 1847, agus d'fhill sí ar Norfolk chun aire a thabhairt do ghaolta scothaosta.
Elisa-Honorine Champin
Uiscedhathóir agus liteagrafaí as an bhFrainc ba ea Elisa-Konorine Champin a bhfuil cáil uirthi as bláthanna, torthaí agus glasraí a phéinteáil.
Chuir sí taispeáint i láthair ar dtús faoina shloinne roimh phósadh, Pitet, ó 1833 go 1836. I ndiaidh di an péintéir Francach Jean-Jacques Champin a phósadh sa bhliain 1837, thosaigh sí ag úsáid ainm s'aigeasan. Chruthaigh sí póstaeir glasraí do Le Jardin Potager a phriontáil Lemercier & Cie agus a úsáideadh mar fhógraí do Vilmorin-Andrieux, cuideachta a dhíol síolta.
Frances Elizabeth Tripp
Luibheolaí, maisitheoir luibheolaíoch, daonchara agus scríbhneoir as Sasana ba ea Frances Elizabeth Tripp (1832-1890). Ba í údar British Mosses, a dtithe, a ngnéithe, a struchtúir agus a n-úsáidí, saothar dhá imleabhar a foilsíodh den chéad uair in 1868, saothar a léirigh Tripp agus ar chuir Benjamin Fawcett dath air.
Fuair Tripp oidhreacht nach beag óna seanmháthair agus bhain sí úsáid aisti chun tabhairt faoi thaighde eolaíoch agus cúiseanna carthanachta, lena n-áirítear tacú le Kyrle Society a bhí dírithe ar athchóiriú sóisialta agus ar bhunú an Iontaobhais Náisiúnta.
Fuair sí bás i Londain in 1890 i ndiaidh taom croí.