- Taispeántas: Twin it! 3D for Europe's culture
- Oidhreacht nár scrúdaíodh go digiteach
Tá go leor tosca le breithniú do dhigitiú 3T, toisc nach bhfuil aon chaighdeáin ná treoirlínte ann a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le tionscadail 3T.
Ar an gcéad dul síos, cad iad na hearraí ba chóir a dhigitiú in 3T? Sa taispeántas seo, tá samhlacha d'earraí a d'fhéadfá breith i do lámh, idir sin agus láithreacha ar a bhféadfá siúl thart ar feadh uaireanta fada.
Mar shampla, tá Bote de Zamora (cineál cóifrín sorcóireach) ina chuid de bhailiúchán an Mhúsaeim Náisiúnta Seandálaíochta i Maidrid na Spáinne.
Ba é Cordoban caliph al-Hakam II a choimisiúnaigh é mar bhronntanas dá leannán, Subh, bean a raibh tionchar mór aici in Umayyad Cordoba. Bhíodh bronntanais ann amhail spíosraí, seodra, cumhráin nó fabraicí fíneálta.
Arna dhéanamh in 964 CR, tá sé díreach os cionn 17 gceintiméadar ar airde agus 11 cheintiméadar ar trastomhas, agus tá sé déanta as eabhair. Tá greannadh mionsaothraithe fíneálta de phlandaí, bláthanna, ainmhithe agus éin, chomh maith le hinscríbhinn ar a dhromchla. Is sampla é d'aistriú eilimintí, móitífeanna agus só ón Oirthear go dtí an domhan Thiar trí al-Andalus.
Leis an tsamhail 3T, is féidir leat féachaint go grinn ar na maisiúcháin áille sin.
Earra eile den chruth céanna ach 100 oiread níos mó ar trastomhas ná Bote de Zamora is ea Rotunda of St. Margaret of Antioch in Šivetice na Slóvaice.
Is foirgneamh bríce Rómhánúil déanach é an cruinnteach, Rotunda, a théann siar go dtús an 13ú haois, agus tá trastomhas inmheánach 11 mhéadar air. San 18ú haois, cuireadh cloigtheach ar a raibh geata isteach leis an bhfoirgneamh. Tá sé ar cheann de na struchtúir Rómhánúla is mó i gcruth ciorclach i Lár na hEorpa, agus tá sé ar cheann de na séadchomharthaí is tábhachtaí ón tréimhse ama sin sa tSlóvaic.
Bain úsáid as an tsamhail 3T chun féachaint ar fud an chruinntí, féach síonchaitheamh gach bríce agus fiú na bláthanna atá leagtha ar na leaca uaighe thart air.
Cén fáth a bhfuil digitiú 3T tábhachtach do láithreáin oidhreachta?
Nuair a bheidh cinneadh déanta agat faoi cad a dhigiteoidh tú, tá go leor rudaí eile ann lena mbreithniú fós. Cén trealamh ba chóir duit a úsáid chun é a dhigitiú? Cá bhfuil an láithreán féin, nó cá háit a chuirfear an rud atá le scanadh? Cad iad na dálaí soilsithe? Conas a dhéanfaidh tú uigeacht na n-ábhar a ghabháil?
Ar na cúiseanna sin agus go leor eile, glacann sé am earra nó foirgneamh fisiciúil a rindreáil i samhail 3T, agus mar sin tá leibhéal measartha íseal de dhigitiú 3T déanta ar an oidhreacht sin san Eoraip faoi láthair. Tá cuimsiú san fheachtas "Twin it! ina chéim thábhachtach.
Glac Pálás Náisiúnta Mafra sa Phortaingéil mar shampla. Tá an Pálás suite timpeall 30 ciliméadar siar ó thuaidh ó Liospóin. Arna choimisiúnú ag Rí Dom João V in 1711, cuimsítear san ailtireacht pálás ríoga, baisleac, clochar, gairdín agus tearmann géim.
In ainneoin go bhfuil sé ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO ó bhí 019 ann, ní dhearnadh digitiú suntasach ar Phálás Náisiúnta Mafra in 3T, go dtí seo.
Fort Louvigny by MNAHA on Sketchfab
Láithreán eile a a bhfuil a chéad doiciméadú digiteach á fháil aige anois ná Fort Louvigny, Lucsamburg, dúnchla (daingniú sealadach nó forlíontach) lena bhfuil urdhún scoite. Téann líon ollmhór tollán faoi thalamh faoi bhun na cathrach, agus tá cuid acu le feiceáil sa tsamhail 3T.
Bhí an láithreán ina chuid de dhaingin na cathrach a tógadh in 1672-73. Tá sé ainmnithe i ndiaidh Ginearál Louvigny ó arm Habsbourg na Spáinne a rinne innealtóireacht ar neartú chosaintí na cathrach i ndiaidh chogaí Eorpacha Louis XIV.
Rinneadh léirscrios ar an dún in 1869 nuair a ordaíodh neodracht Lucsamburg agus díchóimeáil an daingin i gConradh Londan 1867.
Ar an láithreán céanna inniu tá Villa Louvigny ón 20ú haois lena "Grand Auditoire". Insealbhaíodh é ar an 18 Bealtaine 1953 chun ceolchoirmeacha a chraoladh agus lena úsáid mar spás cleachtaidh do Cheolfhoireann Shiansach Raidió Lucsamburg/RTL (a bunaíodh in 1933). Bhí iar-cheanncheathrú Société luxembourgeoise de radio et de télévision suite in Villa Louvigny, agus óstáladh an Eoraifís ann faoi dhó sna 1960í.
Tá na tírdhreacha timpeall Villa Louvigny oscailte don phobal mar pháirc bhardasach. Is féidir leis an bpobal iniúchadh a dhéanamh freisin ar an taobh istigh den Grand Auditoire in 3T anois.
Conas is féidir le digitiú 3T cuidiú leis an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú?
Le samhlacha 3T, tugtar deis do chuairteoirí ar suim leo é agus do ghairmithe taighde tiomnaithe araon réada agus láithreáin a iniúchadh ar bhealach idirghníomhach agus mionsonraithe, gan a bheith orthu a spás oibre a fhágáil, agus gan damáiste a dhéanamh a d'fhéadfadh tarlú le hiniúchadh fisiciúil cúramach fiú.
I gcás gairmithe oidhreachta cultúrtha, le leaganacha 3T de láithreáin agus de réada sobhriste, tugtar deis dóibh faireachán a dhéanamh ar a mbail agus tús áite a thabhairt do dheisiúcháin amach anseo.
Sa chás is measa, agus má chailltear nó má scriostar an píosa oidhreachta, is féidir le gairmithe taighde agus gairmithe tionscail amhail innealtóirí ábhar 3T a úsáid chun iad a atógáil.
Tá fothracha Chaisleán Momjan in Momiano, tuaisceart Istria, an Chróit, suite ar lomán creagach iargúlta, agus tá aillte géara doimhne thart ar gach taobh de.
Inniu, tá an caisleán ina fhothracha. Níl aon rud fágtha de ach túr cearnógach, roinnt ballaí imlíne, agus iarsmaí chóras an droichid tógála a d'úsáidí tráth chun dul a fhad leis an gcaisleán.
Leis na tuairiscí is luaithe atá ar eolas, téann an caisleán siar go dtí na 1230í. Tréigeadh sna 1830í é, agus chuaigh sé in olcas go tapa. Taobh istigh de 100 bliain, fágadh a struchtúr galánta ina bhfothracha scáinte.
Cuireann an tsamhail 3T go mór le taighde ar dhaingin na meánaoise, rud a chuidíonn linn úsáid agus forbairt ailtireachta ionaid den chineál céanna in Istria agus níos faide i gcéin a thuiscint.
Mar ábhar tógála, ní sheasann adhmad an aimsir ar feadh na gcéadta bliain i gcónaí. Bhí an foirgneamh adhmaid sin ón 18ú haois ina chuid d'eastát Arvistava in Rumšiškės sa Liotuáin. Is é an t-aon fhoirgneamh den sórt sin a mhaireann sa Liotuáin, sampla luachmhar d'ailtireacht adhmaid na Liotuáine sa tréimhse Bharócach. Rinneadh é a dhíthógáil agus a atógáil go fisiciúil cheana féin, agus anois rinneadh é a mhacasamhlú in 3T chun é a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Tá díon ornáideach ar a bhfuil coirnis mhúnlaithe ar an bhfoirgneamh. Tá sé cholún adhmaid ag tacú lena phríomhaghaidh. Tá na ballaí taobh amuigh clúdaithe le plancanna ingearacha agus tá dath buí orthu. Léirítear leis an bhfoirgneamh an idirghníomhaíocht idir an tógáil thraidisiúnta agus ailtireacht na huaisle sa Liotuáin.
Sna 1980í, bronnadh an foirgneamh ar Mhúsaem Shaol Tíre na Liotuáine. An tráth sin, bhí an foirgneamh ag titim as a chéile go hiomlán - bhí cuid de á húsáid chun muca a choinneáil fiú! In 1987, baineadh anuas é agus iompraíodh go dtí an músaem é, áit ar stóráladh é agus ar atógadh é ar deireadh in 2010.
Ag dul ar aghaidh go láithreán níos mó fós, tá an-chuid staire ag baint le Cittadella, atá suite ar oileán Gozo i Málta, a théann siar go dtí an Chré-umhaois. Thar na céadta bliain, is láithreán é a bhfuil tábhacht ag baint leis do na Féinícigh, na Rómhánaigh, na Biosántaigh, na hArabaigh, na Normannaigh, na hOtamánaigh, na Francaigh agus na Briotanaigh. Tá fiúntas mór ailtireachta ag baint leis na foirgnimh a mhaireann, agus tugtar léargas maith leo ar shraitheanna éagsúla de stíleanna ailtireachta ó na meánaoiseanna déanacha go dtí tús an 20ú haois.
Lena shuíomh ar chnocán maol nádúrtha, tugadh a fheidhm don láithreán mar dhaingean ar feadh na gcéadta bliain, agus forbraíodh cathair timpeall air. Rinneadh é a dhíchoimisiúnú mar láithreán míleata in 1868.
Mar gheall ar na céadta bliain de thréigean agus de chreachadh ábhar cloiche, fágadh Cittadella ina fhothracha, rud a bhréagnaíonn a stair mar chathair dhaingnithe ina raibh a lán daoine ina gcónaí agus í i mbarr a réime. Cuidíonn atógáil 3T Gozo le cuairteoirí an lae inniu a méid agus a thábhacht stairiúil a thuiscint.
Conas is féidir le samhlacha 3T aird a tharraingt ar stair faoi ghannionadaíocht?
Osclaíodh The Great Synagogue of Erfurt in 1884. Ba é an t-ailtire Siegfried Kusnitzky a dhear é, bhí spás ann do 500 adhradh agus ba gharsprioc é i stair na Gearmáine-na nGiúdach in Erfurt. Agus cosc orthu ar feadh 350 bliain, ní raibh cead ag daoine Giúdacha lonnú in Erfurt go dtí le déanaí. D'fhás an daonra chomh tapa sin nach raibh an tsionagóg a bhí ann ag freastal ar a gcuid riachtanas a thuilleadh agus tógadh ceann nua.
In 1938, scriosadh é le linn phogróim mhí na Samhna faoi réimeas na Naitsithe sa Ghearmáin. Cuireann an t-atógáil 3T seo le feasacht stairiúil a chruthú ar fhlúirse cultúrtha shaol na nGiúdach.
Sionagóg eile a raibh stair den chineál céanna ag baint léi ba ea an tSean-Sionagóg in Wiesbaden, an ceann ba mhó de na cúig shionagóg sa chathair. Ba é an t-ailtire Phillip Hoffmann a dhear í agus bhí sí suite i gceantar Michelsberg. Tógadh sna 1860í í, agus scriosadh í i bpogróim mhí na Samhna in 1938 freisin.
A bhuí leis an dá shamhail 3T, is féidir le cuairteoirí siúl tríd na foirgnimh stairiúla seo a bhfuil tábhacht reiligiúnach ag baint leo agus blaiseadh a fháil díobh. As na cúig shionagóg in Wiesbaden a scriosadh in 1938, is é seo an t-aon cheann atá ar fáil mar atógáil 3T.
Is minic a bhíonn ionchuir na mban san ealaín, sa chultúr, sa stair agus sa tsochaí faoi ghanniondaíocht freisin. Cé go mbíonn scéalta agus eispéiris ban i gcroílár go leor sochaithe go minic, bíonn siad faoi ghannionadaíocht i gcartlanna agus i mbailiúcháin.
Mar shampla, is beag léiriú réamhstairiúil atá ann de mhná, ach tá Véineas Brassempouy, atá rindreáilte anois mar shamhail 3T, ar cheann acu. Ba iad Édouard Piette agus Joseph de Laporterie a tháinig air in uaimh an Phápa in Brassempouy (Landes), an Fhrainc, in 1894 mar aon le ceithre dheilbhín eile a bhí déanta as eabhar mamait.
Is ábhar thar a bheith sobhriste é eabhar mamait, mar sin tá sé dochreidte gur tháinig an ceann seo slán beagnach ó thréimhse Gravettian, 34,500-25,000 bliain ó shin. Léirítear le mionsonraí atá snoite go mion muineál fada grástúil, ceann triantánach ar a bhfuil clár éadain leathan agus smig bhiorach, stíl gruaige mar a bheadh fráma air a léirmhínítear mar ghruaig ina trilseáin, eangach sliogán nó cochall fiú.
Ag bogadh ar aghaidh in am go dtí 21ú ríshliocht na hÉigipte (c. 1069-945 R.Ch.), tá an cónra istigh seo de sharcafagas suite i mBailiúchán Éigipteach Mhúsaem Ríoga Ealaíne agus Staire na Bruiséile, sa Bheilg.
Cónra do bhean atá anseo - deirtear ar an inscríbhinn ag bun an chóifrín go raibh an té atá básaithe ina hamhránaí de chuid Amóin (dia Éigipteach a raibh urraim air mar rí na ndéithe), ach fágadh a hainm ar lár. Taispeántar ar na maisiúcháin ar an gcóifrín radhairc a bhaineann le cleachtais sochraide na hÉigipte.
Taispeántar amhránaí Amóin nuair a d'éirigh léi i scrúdú ar mheáchán a croí, agus í ag ofráil í féin do chaomhnóirí an tsaoil eile. Sa saol eile, tá a Ba (éan anama) in éineacht léi agus í ina seasann ag adhradh bhandia na gcrann agus léirítear bandia Hathor mar bhó (cosantóir na reilige).
Sna 1930idí, thugtaí "príomhchathair na hÉigipteolaíochta: ar an mBeilg agus déantar a spéis i stair na hÉigipte a mhíniú agus a roinnt inti fós sa lá atá inniu ann. Trí theicneolaíocht 3T a úsáid chun críocha caomhnaithe agus taighde, is féidir oidhreacht dá leithéid a iniúchadh agus a roinnt ar bhealach chomh fiúntach agus is féidir leis na pobail oidhreachta lena mbaineann sí.
Foilsíodh síscéal Hans Christian Andersen, The Little Mermaid, in 1837 agus, in 1909 rinneadh léiriú bailé den scéal i gCóbanhávan. Ní fada ina dhiaidh sin a tháinig dhá dealbh de chuid na Danmhairge a bhí mar an gcéanna maidir le téama na maighdine mara, ach a raibh léirmhíniú difriúil ag baint leo.
Ba í an chéad cheann an dealbh bhaininscneach mhealltach thraidisiúnta a bhfuil clú uirthi anois arna déanamh in 1913 ag Edvard Eriksen a bhfuil cónaí air i gCóbanhávan. Is é an dara ceann an dealbh seo ó 1921 a rinne Anne Marie Carl-Nielsen, atá anois ina mórshaothar i stair Bheathúlachas na Danmhairge agus dealbhóireacht na Danmhairge i gcoitinne.
Beannaíonn maighdean mhara Anne Marie Carl-Nielsen don domhan le scread, agus tá a béal agus a súile móra atá cosúil le hiasc ar oscailt. Is créatúr amfaibiach í an mhaighdean mhara. Tá cabhail duine agus corp íochtarach éisc uirthi - agus tá eireaball ar a bhfuil scálaí éisc stílithe. Tá an chuma air go bhfuil maighdean mhara Anne Marie Carl-Nielsen beo, le flosc chun na beatha agus misneach anama, ach tá an chuma air freisin go bhfuil éadóchas agus caillteanas á léiriú aici.
Tá roinnt leaganacha den dealbh ann. Tá dealbh chré-umha, a teilgeadh in 1921, ar taispeáint i nGailearaí Náisiúnta na Danmhairge. Suiteáladh teilgean eile taobh amuigh de Leabharlann Ríoga na Danmhairge i gCóbanhávan in 2009. Tá an tsamhail phlástair bhunaidh faoi úinéireacht Mhúsaem Carl Nielsen agus tá sé ar taispeáint i Músaem Ealaíne Funen in Odense.