- Taispeántas: An Seomra Tionóil
- Na Seomraí Tionóil: Strasbourg
Tá Parlaimint na hEorpa agus a seisiúin iomlánacha mhíosúla lonnaithe in Strasbourg ó bhí an bhliain 1952 ann. Trí shuí na Parlaiminte a lonnú i bpríomhchathair na hAlsáise, cathair a raibh dlúthcheangal aici leis an Eorpachas le fada an lá, leagadh béim ar an tábhacht a bhí le hathmhuintearas idir an Fhrainc agus an Ghearmáin agus le deireadh a chur leis na coinbhleachtaí armtha a réab thar mhór-roinn na hEorpa ar feadh na mblianta fada.
Maison de l’Europe
In 1952, reáchtáil Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach a chéad chruinniú sa Maison de l’Europe. In 1958 in Strasbourg, bhí an chéad suí iomlánach ag Tionól Parlaiminteach na hEorpa, tionól de chuid de na gComhphobal Eorpach nua, ar tugadh Parlaimint na hEorpa air ar ball.
Labhraíonn Willy Brandt, Seansailéir na Gearmáine Thiar, os comhair an tsuí iomlánaigh sa Maison de l’Europe in 1973.
Ní bhaineann aontú na hEorpa le cáilíocht ár mbeatha amháin. Baineann sé le teacht slán agus sinn suite idir na sárchumhachtaí agus i ndomhan garbh an tsean-náisiúnachais agus an nua-náisiúnachais. ... Labhróidh mé anois faoin aontacht Eorpach agus déarfaidh mé rud éigin nach mbeadh sé de mhisneach agam a rá ar an tslí seo deich mbliana ó shin: is féidir linn an Eoraip a chruthú, agus déanfaimid amhlaidh!
Willy Brandt, 13 Samhain 1973
Palais de l’Europe
Le himeacht na mblianta, reáchtáladh na suíonna iomlánacha i suíomhanna éagsúla ar fud na cathrach. Osclaíodh an Palais de l’Europe in Strasbourg go hoifigiúil in 1977.
An 12 Bealtaine 1992, tugann an Bhanríon Eilís II cuairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.
Foirgneamh WEISS
Ó osclaíodh é in 1999, is siombail de stádas na Parlaiminte in Strasbourg é foirgneamh WEISS. Ainmníodh an foirgneamh in onóir do Louise Weiss agus tá an seomra tionóil mórchlú lonnaithe ann. Is léiriú fisiciúil é ar dhaonlathas oscailte agus trédhearcach. Is siombail é barr an fhoirgnimh, a bhfuil cuma neamhchríochnaithe air, de nádúr leanúnach an tionscadail Eorpaigh.
Is saol gníomhach a bhí ag Louise Weiss, bean a chaith beagnach 70 bliain ina ceann feadhna ar iarrachtaí polaitiúla san Eoraip. In 1999, chinn Parlaimint na hEorpa onóir a léiriú do Louise Weiss trí fhoirgneamh a ainmniú ina diaidh. Tá an Seomra Tionóil agus oifigí na bhFeisirí san fhoirgneamh sin atá lonnaithe in Strasbourg.
Sílim gurb é comhlíonadh na cinniúna é gurb í an bhuaic a bheadh ar gach ar bhain díom i rith an chéid seo agus ar mo chuid taistil ar fud an domhain ná go mbeadh an cruinniú seo agam libh anseo inniu: tagaim in bhur láthair mar dhuine a bhfuil an-ghean agam ar an Eoraip.
Louise Weiss, 17 Iúil 1979