- Taispeántas: An Seomra Tionóil
- Na Seomraí Tionóil: Lucsamburg
Foirgneamh Schuman
Nuair a osclaíodh foirgneamh Schuman i Lucsamburg go hoifigiúil in 1973, bhí a háitreabh féin ag an bParlaimint ar deireadh, le seomra tionóil dá suíonna iomlánacha. Úsáideadh an seomra tionóil do shuíonna iomlánacha go rialta sna 1970idí, ach nuair a tháinig méadú ar líon na bhFeisirí tar éis na dtoghchán díreach in 1979, ní raibh an seomra díospóireachta mór go leor a thuilleadh, gan ach 208 suíochán ann.
Idir 1973 agus 1979, reáchtáiltear 35 chruinniú de Pharlaimint na hEorpa, le ceithre Uachtarán dhifriúla sa chathaoir, i seomra tionóil fhoirgneamh Schuman.
An 14 Eanáir 1975, i Seomra Tionóil fhoirgneamh Schuman i Lucsamburg, glacann an Pharlaimint tuarascáil an Fheisire Schelto Patijn ar an dréacht-choinbhinsiún maidir le toghadh fheisirí an tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.
An tábhacht pholaitiúil is mó a bhaineann le toghcháin dhíreacha Eorpacha ná ... go bhfuil siad á reáchtáil ar chor ar bith.
Schelto Patijn, 14 Eanáir 1975
Klenge Kueb
In 1978, chuir Rialtas Lucsamburg tionscadal uaillmhianach i láthair. Bhí sé beartaithe acu foirgneamh Centre 300 a thógáil in Kirchberg ina mbeadh an seomra tionóil is mó san Eoraip lonnaithe – seomra tionóil le spás suí do 600 Feisire. Bhí dianchonspóid ann faoin tionscadal, mar gheall ar a mhéid agus a chostas. Agus brú air ón bpobal, chinn an rialtas éirí as an tionscadal.
Ina ionad sin, thóg an rialtas foirgneamh riaracháin. Tharla oscailt oifigiúil an ‘Klenge Kueb’ in 1979 agus úsáideadh é do shuíonna iomlánacha na Parlaiminte go dtí 1981.