- Taispeántas: An Seomra Tionóil
- Na Seomraí Tionóil: An Bhruiséil
Sna 1960idí agus sna 1970idí, thosaigh na hinstitiúidí Eorpacha ag déanamh roinnt mhaith dá gcuid oibre sa Bhruiséil. Ag tús na 1980idí, bhí an socrú atá againn sa lá atá inniu ann curtha ar bun, a bheag nó a mhór: reáchtáiltear cruinnithe choistí agus ghrúpaí na Parlaiminte sa Bhruiséil. Cé go mbíonn na príomh-sheisiúin iomlánacha ar siúl in Strasbourg, eagraítear suíonna breise sa Bhruiséil go rialta. Tharla an chéad suí iomlánach oifigiúil a reáchtáladh sa Bhruiséil ón 29-30 Meán Fómhair 1993.
Foirgneamh SPAAK
Osclaíodh foirgneamh SPAAK in 1993. Ainmníodh an foirgneamh d’iarPhríomh-Aire na Beilge, Paul-Henri Spaak, duine de phríomhbhunaitheoirí an Chomhphobail Eorpaigh. Tá seomra tionóil na Bruiséile ann, áit a dtagann na Feisirí le chéile go rialta le haghaidh suíonna iomlánacha breise.
Ba dhuine é Paul-Henri Spaak a bhí diongbháilte faoin Eoraip agus a raibh lámh aige i gcuid mhaith d’fhorbairt na n-institiúidí Eorpacha, go mór mór toisc gur chaith sé tréimhse mar Uachtarán ar Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach.
Ní hamháin gur teachtaireacht chorraitheach athmhuintearais atá sa dréacht-Chonradh [ar Chomhphobal Polaitiúil Eorpach] seo, is fianaise é go bhfuil misneach againn faoin todhchaí.
Paul-Henri Spaak, 9 Márta 1953
Palais des Congrès
Níor tháinig Parlaimint na hEorpa le chéile le haghaidh suí iomlánach breise sa Bhruiséil ach aon uair amháin roimh 1993, an 27 agus 28 Aibreán 1983 sa Palais des Congrés.