- Taispeántas: An Seomra Tionóil
- An tslí a bhfeidhmíonn an suí iomlánach
Is iad na suíonna iomlánacha buaicphointe ghníomhaíocht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa. Is ionann iad agus toradh na hoibre reachtaí a dhéantar sna coistí agus sna grúpaí polaitiúla.
Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid de chuid an Aontais a mbíonn cruinnithe poiblí aici. Ó 1952, foilsíodh na díospóireachtaí agus na téacsanna reachtacha uile in Iris Oifigiúil an Aontais, ar féidir le gach saoránach rochtain a fháil uirthi. Rinneadh sruthú ar sheisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte den chéad uair i mí Eanáir 2002, nuair a toghadh Pat Cox mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, déantar seisiúin iomlánacha agus cruinnithe na gcoistí a bheoshruthú le hateangaireacht go gach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Ní ligtear isteach sa seomra díospóireachta ach amháin Feisirí, Comhaltaí an Choimisiún agus na Comhairle, Ardrúnaí na Parlaiminte, daoine den fhoireann nach mór dóibh a bheith ann mar gheall ar na dualgais atá orthu, agus aon duine eile a dtugann an tUachtarán cuireadh dóibh a bheith ann. Is féidir daoine den phobal agus iriseoirí a ligean isteach sna háiléir.
Roinntear am labhartha i measc na ngrúpaí polaitiúla, ag brath ar mhéid an ghrúpa. Is féidir le Feisirí cárta gorm a ardú le linn díospóireachtaí chun ceist a chur ar an bhFeisire atá i mbun cainte. Tugann an nós imeachta ‘aird a tharraingt’ deis do na Feisirí a dtuairimí a chur in iúl in óráidí gearra a mhaireann aon nóiméad amháin. Tá cosc ar sheachvótáil – ní mór do na Feisirí páirt a ghlacadh sna vótaí go pearsanta.