- Taispeántas: An Seomra Tionóil
- Na nithe a tharlaíonn sa chúlra
Bíonn an seisiún iomlánach in ann tarlú a bhuíochas d’obair sheirbhísí na Parlaiminte, a chuireann tacaíocht riachtanach theangeolaíoch, theicniúil agus lóistíochta ar fáil.
Tá sé de cheart ag na Feisirí labhairt in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Déanann ateangairí ateangaireacht chomhuaineach ar a n-óráidí sna teangacha oifigiúla eile.
An chéad chéim in ullmhú na ndoiciméad don seisiún ná téacsanna agus leasuithe a chur síos. Déanann an tAonad um Aighniú na nDoiciméad bainistiú orthu sin. Ansin, déantar na doiciméid a aistriú agus a chur i gcló i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Na hUiséirí
Is féidir na huiséirí a aithint gan stró, mar gheall ar an éadach searmanais a chaitheann siad. Thogh na Ballstáit uiséirí na Parlaiminte an chéad lá riamh ach, ó 1979, fostaíonn Parlaimint na hEorpa a huiséirí féin.
An tSeirbhís Prótacail
Tugann an tSeirbhís Prótacail cúnamh do Chinn Stáit agus cuairteoirí mór le rá eile a thagann chuig an bParlaimint agus iad ag déileáil le cúrsaí prótacail. Sa ghrianghraf seo, feictear an tSeirbhís Prótacail ag tionlacan an iar-Uachtaráin David Sassoli agus bhuaiteoir Dhuais Sakharov, Lorent Saleh (i lár baill), agus iad ar a slí chuig oscailt oifigiúil ‘Chosán Saoirse Sakharov’ na Parlaiminte.