Bhí go leor dúshlán roimh an Aontas agus a chomhpháirtithe le déanaí, paindéim COVID-19 agus coinbhleachtaí ar fud an domhain ina measc, mar aon leis an gcogadh san Úcráin ar theorainneacha an Aontais.
Mar fhreagairt ar riachtanais an téarma reachtaigh seo, d’fhorbairt an Pharlaimint córas cianvótála do na Feisirí a bhí sábháilte agus éifeachtúil. Bhí na Feisirí in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí na suíonna iomlánacha ó oifigí idirchaidrimh na Parlaiminte ar fud an Aontais freisin.
29 Eanáir 2020: Searmanas don Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin i gCuimhne ar Íospartaigh an Uileloiscthe
Ní féidir liom an tocht atá orm a cheilt agus mé ag teacht isteach i bParlaimint seo na hEorpa, tar éis dom na bratacha a fheiceáil ar an tslí isteach – bratacha daite an iliomad stát atá aontaithe i bParlaimint na hEorpa ... Ní mar sin a bhí i gcónaí.
Liliana Segre, 29 Eanáir 2020
29 Eanáir 2020: Imeacht Fheisirí na Breataine ó Pharlaimint na hEorpa
An 29 Eanáir 2020, d’fhág na Feisirí slán lena gcomhghleacaithe ón Ríocht Aontaithe ag searmanas, agus iad ag canadh ‘Auld Lang Syne’.
Duais Sakharov 2021: Alexei Navalny
An 15 Nollaig, ag searmanas, bhronn an t-iarUachtarán, David Sassoli, Duais Sakharov 2021 ar iníon Alexei Navalny, Daria Navalnaya, a ghlac an duais thar ceann a hathar a bhí i bpríosún.
23 Márta 2022: Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada
An 23 Márta 2022, labhair Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, os comhair an tseisiúin iomlánaigh faoi na dúshláin pholaitiúla a d’eascair as an bpaindéim agus as an gcogadh san Úcráin agus dhearbhaigh sé an cairdeas idir an tAontas agus Ceanada athuair.
Duais Sakharov 2022: Muintir chróga na hÚcráine
Bronnadh Duais Sakharov 2022 na Parlaiminte ar mhuintir chróga na hÚcráine ag searmanas a reáchtáladh an 14 Nollaig. Labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, trí fhísghlao.
26 Eanáir 2023: Searmanas don Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin i gCuimhne ar Íospartaigh an Uileloiscthe
An 26 Eanáir 2023, 78 mbliain tar éis shaoradh Auschwitz, reáchtáil an Pharlaimint suí foirmiúil chun an Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin i gCuimhne ar Íospartaigh an Uileloiscthe a chomóradh. Labhair Uachtarán Stát Iosrael, Isaac Herzog, os comhair an tsuí iomlánaigh.
Agus sinn inár seasamh anseo inniu i gcroílár an Aontais Eorpaigh, tuigimid go rómhaith an misean cuimhne atá againn go léir. (...) Ní mór dúinn ceachtanna thubaiste stairiúil an Uileloiscthe a mhúineadh, agus ní mór dúinn a chinntiú nach ndéanfar na coireanna uafásacha sin riamh arís.
Isaac Herzog, 26 Eanáir 2023
Sheinn Chen Halevi (clairinéad) agus Jenő Lisztes (ciombalam) ‘Kaddish’ le Maurice Ravel.
15 Márta 2023: Lá Idirnáisiúnta na mBan
I searmanas chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i mí an Mhárta 2023, labhair Samantha Cristoforetti, spásaire sa Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus ceannasaí an Stáisiúin Spáis Idirnáisiúnta, agus Shirin Ebadi, gníomhaí ón Iaráin, a bhuaigh Duais Síochána Nobel in 2003.
Ó chlé go deas: Shirin Ebadi, an tUachtarán Roberta Metsola, Samantha Cristoforetti
Tá sé feicthe agam go dtugann ár gcumas daoine daonna a sheoladh isteach sa spás misneach do dhaoine i sochaí. Tugann sé an misneach sin dúinn chun go gcreidimid gur féidir le náisiún nó comhphobal náisiún amhail ár gcomhphobal féin dul i ngleic le dúshláin atá an-deacair agus uaillmhianach. Más féidir linn daoine daonna a sheoladh isteach sa spás, níl aon rud nach féidir linn a dhéanamh, nach fíor? Bíodh an uaillmhian sin againn san Eoraip.
Samantha Cristoforetti, 15 Márta 2023
13 Meán Fómhair 2023: Sviatlana Tsikhanouskaya, ceannaire fhreasúra na Bealarúise
An 13 Meán Fómhair 2023 labhair Sviatlana Tsikhanouskaya, ceannaire fhreasúra na Bealarúise, os comhair na Parlaiminte.
Tá sprioc shoiléir acu ... créacht oscailte a choinneáil i gcroílár mhór-roinn na hEorpa, ionas nach bhféadfaidh an Eoraip a bheith iomlán, saor agus faoi shíocháin. Ach teipfidh orthu.
Comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais Eorpach in 2004
An 24 Aibreán 2024, rinne Parlaimint na hEorpa comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004.
Sa phictiúr: Jerzy Buzek, Uachtarán na Parlaiminte ó 2009-2012
Athaontú de facto den Eoraip a bhí sa mhéadú mór 20 bliain ó shin. D’éirigh le tíortha inár gcuid den mhór-roinn a bhí scoite amach ón Eoraip i gcoinne a dtola a bheith ina gcuid iomlán den Eoraip arís. Nuair a bhí mé óg, ba thuairim neamhréadúil é sin, agus anois tá sé againn i bhfírinne. Mar sin, an rud atá le baint as seo, ná gur cheart duit aisling a bheith agat agus cloí léi.
Jerzy Buzek, 24 Aibreán 2024
An seisiún iomlánach deireanach sa naoú téarma reachtach
Tar éis 5 bliana ghnóthacha in oifig, tháinig deireadh le naoú téarma reachtach Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024.