Bronntar Duais Síochána Nobel ar an Aontas Eorpach
Bronnadh Duais Síochána Nobel 2012 ar an Aontas Eorpach as a rannchuidiú le cur chun cinn na síochána, an athmhuintearais, an daonlathais agus chearta an duine san Eoraip. Ag searmanas a reáchtáladh sa Pharlaimint i mí na Nollag 2012, bhronn an tUachtarán Martin Schulz an duais go siombalach ar mhuintir na hEorpa, a ndearna 20 saoránach ionadaíocht orthu.
An tOmbudsman Eorpach
Ba í Emily O’Reilly an chéad bhean a toghadh mar an Ombudsman Eorpach i mí Iúil 2013, agus atoghadh í in 2014 agus 2019.
Duais Sakharov 2013: Malala Yousafzai
An 20 Samhain 2013, bronnadh Duais Sakharov ar Malala Yousafzai mar aitheantas dá comhrac ar son cheart na gcailíní chun an oideachais.
Jean-Claude Juncker, an chéad Spitzenkandidat
In 2014, tugadh isteach próiseas na Spitzenkandidaten. Is é a bhí i gceist ná go roghnódh an grúpa polaitiúil a fuair an líon is mó vótaí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. An 22 Deireadh Fómhair 2014, thogh an Pharlaimint Coláiste na gCoimisinéirí a bhí roghnaithe ag Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker.
Duais Sakharov 2014: Denis Mukwege
Bhronn an Pharlaimint Duais Sakharov 2014 ar Denis Mukwege, mar aitheantas dá iarrachtaí leanúnacha chun folláine fhisiciúil agus shíceolaíoch a thabhairt ar ais do na mílte ban agus cailíní a d’fhulaing mí-úsáid ghnéasach ó fhórsaí na reibiliúnach i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Ba chóir go mbeadh an ceartas i gcroílár an phróisis síochána freisin, agus is gá dlús a chur leis an gcomhrac chun deireadh a chur le saoirse ó phionóis do na coireanna is tromchúisí, coireanna a bhaineann le foréigean gnéasach san áireamh.
Denis Mukwege, 26 Samhain 2014
10 Márta 2015: Abdullah II, Rí Ríocht Haisimíteach na hIordáine
Nuair a labhair sé leis an bParlaimint i mí an Mhárta 2015, labhair a Mhórgacht Abdullah II, Rí Ríocht Haisimíteach na hIordáine, faoi aontachas agus cumarsáid idirchreidimh, agus faoin ngá atá ann dúshláin na sceimhlitheoireachta agus an radacaithe a shárú.
8 Iúil 2015: Príomh-Aire na Gréige, Alexis Tsipras
I mí Iúil 2015, ag buaicphointe na géarchéime fiachais sa Ghréig, labhair an Príomh-Aire, Alexis Tsipras, os comhair an tsuí iomlánaigh.
Duais Sakharov 2016: Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar
An 13 Nollaig 2016, bhronn an Pharlaimint Duais Sakharov ar Nadia Murad (ar chlé) agus Lamiya Aji Bashar (ar dheis), a tháinig slán ó sclábhaíocht ghnéasach an Stáit Ioslamaigh. Is urlabhraithe ar son mná a scriosadh a saol mar gheall ar fhoréigean gnéasach iad agus ar son phobal Iasaídeach na hIaráice.
Is dóigh liom gur féidir liom labhairt thar ceann na n-íospartach. Tugann Duais Sakharov an misneach dom leanúint ar aghaidh. Is mar gheall air sin go bhfuil an cinneadh déanta agam labhairt amach dóibh siúd nach féidir leo labhairt amach.
Lamiya Aji Bashar, 13 Nollaig 2016