Gluaiseann an tAontas Eorpach isteach i mílaois nua. Cuireann an suí iomlánach fáilte roimh aíonna a labhraíonn faoi na hathruithe suntasacha a dhéanann difear do dhaoine san Aontas agus níos faide i gcéin, méadú an Aontais Eorpaigh agus cosaint chearta an duine ar fud an domhain ina measc.
14 Márta 2001: Anna Lindh
Labhair Anna Lindh, Uachtarán-in-Oifig na Comhairle os comhair an tsuí iomlánaigh in 2001, le linn Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach. Bhain Anna Lindh clú amach trína cuid taidhleoireachta agus í ag iarraidh cogadh i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, mar a tugadh ar an tír ag an am, a sheachaint. Cailleadh í in 2003, tar éis do dhuine í a ionsaí i siopa i Stócólm.
... Is iad cúrsaí fostaíochta agus leasa na ceisteanna is tábhachtaí do shaoránaigh na hEorpa. Má theipeann orainn, ní hamháin go dtiocfaidh méadú ar an dífhostaíocht, an tseineafóibe agus na deighiltí sa tsochaí, ach ní bheidh aon mhuinín ag daoine as an Aontas.
Anna Lindh, 14 Márta 2001
Dréacht-Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip
Chuir Valéry Giscard d’Estaing, Uachtarán an Choinbhinsiúin Eorpaigh ar Thodhchaí na hEorpa, an dréacht-Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip i láthair an 3 Meán Fómhair 2003.
Tá na síolta curtha againn, agus is é sin an cúram is tábhachtaí san earrach. Mar atá ráite againn, tá súil againn go bhfásfaidh fíor-phobal Eorpach, demos Eorpach, as na síolta sin.
Valéry Giscard d’Estaing
Duais Sakharov 2003: Kofi Annan agus foireann na Náisiún Aontaithe
Bhronn an tUachtarán Pat Cox Duais Sakharov 2003 ar Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan.
Bhí stair fhada ag an Eoraip go dtí seo, agus chonacthas go leor cogaíochta, tíorántachta agus fulaingt uafásach lena linn. Ach tá todhchaí atá bunaithe ar an dóchas curtha ag na hEorpaigh in áit na staire sin. Tá sibh tar éis conair na síochána a ghlacadh tríd an iltaobhachas. Agus anois, is ard-eiseamláir den chaoinfhulaingt, de chearta an duine agus de chomhar idirnáisiúnta é an tAontas Eorpach.
Kofi Annan, 29 Eanáir 2004
Méadú 2004
An 1 Bealtaine 2004, tháinig 10 mBallstát nua isteach san Aontas, sa mhéadú is mó riamh a tháinig air. Ba iad an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin na tíortha sin.
26 Meán Fómhair 2006: Ellen Johnson Sirleaf
Labhair Ellen Johnson Sirleaf, Uachtarán Phoblacht na Libéire os comhair na Parlaiminte faoi iarrachtaí chun ‘Libéir nua a thógáil as luaith na haimsire suaite atá thart agus dul i dtreo todhchaí dhóchasach a mbeidh gealladh fúithi.’
An chéad eagrán de Dhuais LUX
Ó 2007, bronntar Duais bhliantúil LUX ar scannáin Eorpacha a spreagann plé faoi cheisteanna reatha polaitiúla agus sóisialta agus a dhéanann machnamh ar fhéiniúlacht agus luachanna na hEorpa. Bronnadh an chéad eagrán den Duais ar Fatih Akin don scannán Auf der anderen Seite (Imeall Neimhe) an 24 Deireadh Fómhair 2007 ag searmanas in Strasbourg.
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Síníodh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2007.
50 bliain de Pharlaimint na hEorpa
Rinne Parlaimint na hEorpa 50 bliain ar an bhfód a cheiliúradh an 12 Márta 2008 in Strasbourg.
24 Meán Fómhair 2008: An Patrarc Bartholomew I
Labhair a Naofacht, an Patrarc Éacúiméineach Bartholomew I, os comhair shuí iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2008. Dúirt sé,
Anseo, i halla mór tionóil Pharlaimint na hEorpa ... tá aitheantas tugtha agaibh do thábhacht an idirphlé idirchultúrtha, go háirithe ag tráth i stair na hEorpa ina bhfuil athruithe ag tarlú i ngach tír agus feadh gach teorann sochaíche.
8 Deireadh Fómhair 2008: Íngrid Betancourt
An 8 Deireadh Fómhair 2008 – bliain inar comóradh 60 bliain de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine – thug Íngrid Betancourt, polaiteoir agus gníomhaí i gcoinne na caimiléireachta ón gColóim, óráid chorraitheach faoin uair a fuadaíodh í agus faoin ‘riachtanas atá ann ar fud an domhain go labhródh an Eoraip amach.’
20 bliain de Dhuais Sakharov
An 17 Nollaig 2008 comóradh 20 bliain de Dhuais Sakharov. Bronnadh an Duais ar Hu Jia, gníomhaí a tharraing aird an domhain ar shléacht Chearnóg Tiananmen, ceisteanna SEIF agus sáruithe ar chearta an duine sa tSín.
D’fhreastail Elena Bonner, baintreach an té dár ainmníodh an duais, Andrei Sakharov, ar an searmanas.
Níor cheart dúinn géilleadh riamh agus cearta an duine i mbaol ... ós rud é gurb iad sin an bonn céanna atá ag ár dtodhchaí agus ár sibhialtacht.
Elena Bonner, 17 Nollaig 2008