13 Meitheamh 1990: Nelson Mandela
Thug Nelson Mandela cuairt ar Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 1990 nuair a bronnadh Duais Sakharov 1988 air. Ní raibh ach cúpla mí ann ó scaoileadh saor ón bpríosún é.
Is dócha gur mar a chéile an mhór-roinn seo le haon mhór-roinn eile, ó thaobh fíorbhrí an chiníochais a thuiscint. Léirigh muintir na mór-roinne seo ciníochas i gcoinne daoine eile agus bhí siad féin ina n-íospartaigh freisin mar gheall ar idé-eolaíocht mharfach chiníoch. Dá bhrí sin, tuigfidh sibh go maith go ndíspeagann agus go ndídhaonnaíonn an idé-eolaíocht nó cleachtas sin an déantóir agus an t-íospartach araon. Fágann sé an bheirt acu sáinnithe i ngreim na coinbhleachta agus an fhuatha. Ar deireadh, agus ag an gcéim is measa de, bíonn sé ina chúis le cinedhíothú agus leis na coireanna is measa i gcoinne na daonnachta.
Nelson Mandela, 13 Meitheamh 1990
1 Nollaig 1993: Yitzhak Rabin
Cúpla mí tar éis di an chéad cheann de Chomhaontuithe Osló a shíniú, a raibh sé mar aidhm leo creat a bhunú chun réiteach ar choinbhleacht Iosrael agus na Palaistíne a bhaint amach, reáchtáil an Pharlaimint suí foirmiúil do chuairt Yitzhak Rabin, Príomh-Aire Stát Iosrael.
13 Nollaig 1993: Yasser Arafat
Coicís ina dhiaidh sin, labhair Cathaoirleach Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, Yasser Arafat, os comhair Pharlaimint na hEorpa.
8 Márta 1994: Václav Havel
Tá ár ndúshlán tugtha ag an stair. Más mian linn, is féidir linn glacadh leis an dúshlán sin. Mura nglacfaimid leis, seans go gcaillfimis deis iontach chun mór-roinn a chruthú ina mbeadh comhar eadrainn faoi shaoirse agus faoi shíocháin. Ní chreidfeadh ach amadán, nár fhoghlaim faic ó na mílte bliain de stair na hEorpa, go bhféadfadh suaimhneas, síocháin agus rathúnas a bheith faoi bhláth go deo i gcuid amháin den Eoraip, mura mbeadh an chuid sin ag déanamh cúram den mhéid a bheadh ag tarlú sa chuid eile.
Václav Havel, 8 Márta 1994
17 Eanáir 1995: François Mitterrand
Is ionann an náisiúnachas agus an chogaíocht! Bhí cogaíocht againn cheana, agus d’fhéadfadh sí tarlú arís amach anseo! Agus is sinne, is sibhse, a chairde, a Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, a bheidh mar chaomhnóirí ár síochána, ár slándála agus ár dtodhchaí as seo amach!
François Mitterrand, 17 Eanáir 1995
19 Eanáir 1995: Jacques Delors
An 19 Eanáir 1995, thug Uachtarán an Choimisiúin, Jacques Delors, óráid os comhair na Parlaiminte agus é ag dul as oifig. Le linn a thréimhse mar Uachtarán, cruthaíodh an margadh aonair, síníodh Conradh Maastricht, cruthaíodh an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus seoladh clár Erasmus.
Seo linn, bíodh misneach againn, tá Earrach na hEorpa fós os ár gcomhair!
Jacques Delors, 19 Eanáir 1995
11 Iúil 1995: Jacques Chirac
Agus Uachtarán Phoblacht na Fraince, Jacques Chirac, ag tabhairt cuairt ar an bParlaimint i mí Iúil 1995, rinne Feisirí agóid i gcoinne chinneadh na Fraince atosú ar thástáil núicléach in Mururoa.
20 Deireadh Fómhair 1998: John Hume
Bronnadh Duais Síochána Nobel ar John Hume, gníomhaí ar son na síochána agus iar-Fheisire, as a iarrachtaí chun réiteach síochánta a bhaint amach sa choinbhleacht sheanbhunaithe i dTuaisceart Éireann. Comóradh an gaisce sin i suí iomlánach an 20 Deireadh Fómhair 1998.
An rud is gá dúinn go léir a fhoghlaim ná an rud atá foghlamtha ag muintir na hEorpa agus atá á fhoghlaim againn i dTuaisceart Éireann: baineann na difríochtaí eadrainn – bíodh cine, reiligiún nó náisiúntacht i gceist – lenár mbreith, agus is de thaisme a tharlaíonn sí sin. Níor cheart dul i mbun coinbhleachta faoina leithéid. Ba cheart meas a bheith againn orthu.
John Hume, 20 Deireadh Fómhair 1998
Labhraíonn John Hume le Parlaimint na hEorpa