Gach bliain, cuireann Parlaimint na hEorpa fáilte roimh Chinn Stáit, daoine mór le rá agus ceannairí reiligiúnacha, agus eagraíonn sí imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí suntasacha i stair na hEorpa. Is deiseanna luachmhara iad sin chun aird na meán a tharraingt ar cheisteanna polaitiúla agus chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ról agus cuspóir na hinstitiúide uathúla seo ar an ardán domhanda.
16 Nollaig 1981: Margaret Thatcher
Ba í Margaret Thatcher an chéad Uachtarán-in-oifig de chuid na Comhairle Eorpaí a labhair os comhair Pharlaimint na hEorpa chun cur síos a thabhairt ar phléití cheannairí na mBallstát.
14 Feabhra 1984: ‘Plean Spinelli’
Ba é an Feisire Altiero Spinelli an duine ba mhó a bhí freagrach as togra Pharlaimint na hEorpa le haghaidh conradh ar Aontas Eorpach cónaidhmeach. Tugadh ‘Plean Spinelli’ ar an togra sin, a ghlac an Pharlaimint in 1984.
Ní conair éasca ná chinnte atá os ár gcomhair. Ach caithfear an chonair sin a ghlacadh agus déanfar amhlaidh.
Altiero Spinelli
8 Bealtaine 1985: Ronald Reagan
Labhair Uachtarán na Stát Aontaithe, Ronald Reagan, os comhair shuí iomlánach Pharlaimint na hEorpa, an 8 Bealtaine 1985. Scríobh an tUachtarán Reagan an méid seo faoin gcuairt ina dhialann:
An téama a bhí agam ná “Is fiú an tsaoirse,” agus d’aithin mé gur geall le míorúilt an Pharlaimint.
Dearbhú Comhpháirteach i gcoinne an Chiníochais agus na Seineafóibe
In 1986, ghlac an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint Dearbhú Comhpháirteach i gcoinne an Chiníochais agus na Seineafóibe inar leagadh amach go raibh siad:
ag cáineadh éadulaingt, naimhdeas agus lámh láidir de gach sórt i gcoinne daoine nó grúpaí daoine ar bhonn éagsúlachtaí ciníocha, reiligiúnacha, cultúrtha, sóisialta nó náisiúnta.
11 Deireadh Fómhair 1988: An Pápa Eoin Pól II
Labhair an Pápa Eoin Pól II faoi thacaíocht láidir na Vatacáine d’fhorbairt leanúnach an Aontais Eorpaigh, próiseas síochánta a bhí ag tabhairt daoine le chéile agus a bhí mar eiseamláir don domhan mór.
Is cinnte gur díol sásaimh d’Eoraip ár linne é an léiriú ar shaol an lae inniu atá le feiceáil: síocháin agus comhar docht idir a Ballstáit, a chaith na céadta bliain á dtraochadh féin ag dul i mbun cogaíochta lena chéile agus ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.
An Pápa Eoin Pól II, 11 Deireadh Fómhair 1988