Ó aimsir na gcéad toghchán Eorpach trí vótáil chomhchoiteann dhíreach in 1979, is iad na Feisirí a thoghann an tUachtarán trí bhallóid rúnda. Maireann téarma oifige an Uachtaráin dhá bhliain go leith agus is féidir an téarma sin a athnuachan. I ngach téarma reachtach, eagraítear an chéad toghchán i mí Iúil, i ndiaidh thoghadh na Parlaiminte nua, agus an dara toghchán lártéarma dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin, i mí Eanáir.
An 17 Iúil 1979, ba í Simone Veil (ar chlé), iar-Aire Sláinte na Fraince, a tháinig slán ó champa géibhinn Auschwitz, a toghadh mar an chéad Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa a toghadh go díreach, agus ba í an chéad bhean a bhí i seilbh na hoifige sin. Bhí Louise Weiss (ar dheis), an Feisire ba shine, ina cathaoirleach ar an gcéad suí sin.
An bunsmaoineamh a aontaíonn le chéile sinn ná nach mbeidh aon tír inár measc in ann a cuid cumhachta agus neamhspleáchais a choimeád ná fiú leanúint ar aghaidh de bheith ann, gan dlúthpháirtíocht níos mó eadrainn. Tá an bunsmaoineamh sin fréamhaithe san idirghabháil dhaonlathach idir vótálaithe agus na daoine a thoghann siad.
Simone Veil, Uachtarán ó 1979-1982