An Eoraip a Mhúnlú
Cad atá tarlaithe ó thoghchán 2019?
Seo é an méid atá athraithe san Eoraip
Seo é an méid atá athraithe san Eoraip
Ó na toghcháin deiridh, tá go leor dúshlán roimh an Aontas agus a chomhpháirtithe, paindéim COVID-19 agus coinbhleachtaí ar fud an domhain ina measc, mar aon leis an gcogadh san Úcráin ar theorainneacha an Aontais.
Sheas Parlaimint na hEorpa leis an Úcráin ó sheol an Rúis ionradh mídhleathach lánscála ar an tír in 2022.
Chun forbairt a chumasú san Aontas, tá NextGenerationEU ag soláthar níos mó ná €800 billiún de mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh ón bpaindéim. Treisíonn cláir eile de chuid an Aontais taighde (Fís Eorpach), infheistíocht (InvestEU), malartuithe oideachais (Erasmus+) agus cúram sláinte (EU4Health).
Chun an t-athrú aeráide a chomhrac, ghlac na Feisirí an Dlí Aeráide Eorpach, a cheanglaíonn ar an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a ísliú go glan-nialas faoi 2050. D’fhormheas an Pharlaimint toirmeasc an Aontais ar earraí plaisteacha aonúsáide agus ó 2021 i leith, ní féidir plátaí plaisteacha, sceanra, soip, maidí balún agus bachlóga cadáis a chur ar mhargaí na mBallstát.
Neartaíodh cosaint tomhaltóirí freisin. Tháinig Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm, lena gcinntítear ardchaighdeán cosanta do shonraí pearsanta daoine, sonraí a bhíonn á n-úsáid ag cuideachtaí atá lonnaithe laistigh agus lasmuigh den Aontas. Leag an Gníomh um Margaí Digiteacha síos rialacha soiléire d’ardáin mhóra, a raibh sé mar aidhm leo cosc a chur orthu coinníollacha éagóracha a bhrú ar ghnóthaí agus ar thomhaltóirí. Idir an dá linn, d’fhéach an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le húsáideoirí a chosaint ó ábhar díobhálach agus mídhleathach agus le margaí ar líne níos sábháilte agus ardáin thrédhearcacha a bhunú.
Ar deireadh, tá an chéad dlí cuimsitheach IS ar domhan, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, formheasta ag na Feisirí. Leagadh síos rialacha ann do shamhlacha móra cumhachtacha IS, lena gcinntítear nach baol sistéamach iad don Aontas agus go dtugtar cosaintí láidre do shaoránaigh agus do chórais dhaonlathacha ar aon mhí-úsáid teicneolaíochta ag údaráis phoiblí.