An Eoraip a Mhúnlú
Le chéile ar son an daonlathais: Vótáil in 2024!
Úsáid do ghuth
Úsáid do ghuth
Cad ina thaobh gur cheart duit vótáil i dToghcháin Eorpacha 2024?
Is i bParlaimint na hEorpa a thagann daoine ó gach cearn den Aontas Eorpach le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar shaol gach duine a phlé agus cinneadh a dhéanamh orthu. Bíonn ról ríthábhachtach ag na saoránaigh sa phróiseas sin. Is linne, na daoine, a thosaíonn an daonlathas. Cuirimid tús le cúrsaí trí vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus bíonn tionchar ag na cinntí a dhéantar iontu ar ár saol. Mura nglacaimid páirt iontu, ní éiríonn linn an todhchaí a mhúnlú; ach thairis sin, cailleann an Pharlaimint a neart, agus cailleann a luachanna a mbrí.
Mar sin, cad ina thaobh gur cheart duitse vótáil?
Ar dtús, is é do shlí é chun dul i bhfeidhm ar thodhchaí na hEorpa. Tá go leor de na rialacha a théann i bhfeidhm orainn, amhail beartais ar inimirce, COVID-19 nó athrú aeráide, socraithe ar leibhéal an Aontais. Anuas air sin, cosnaíonn úsáid do vóta an daonlathas féin. Níor rugadh bog ar an daonlathas le déanaí, san Eoraip ná aon áit eile ar fud an domhain. Caithfimid é a choimeád beo, ní hamháin san Eoraip ach i ngach áit. Is cuid lárnach de seo an vótáil, ach ní hé an scéal iomlán é. Baineann sé le bheith ar an eolas ina theannta sin, do thuairim a chur in iúl ar shlite éagsúla, agus aird a tharraingt ar cheisteanna is cás linn. Is cuid luachmhar den daonlathas í an tsaoirse chun an méid seo go léir a dhéanamh, agus is ar mhaithe linn féin í a chosaint.
Lecheile.eu: is é an Daonlathas a chothaíonn sinn
Cad is lecheile.eu ann?
Is tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa é lecheile.eu a bhfuil sé mar aidhm aige daonlathas na hEorpa a fheabhsú trí bhéim ar leith ar rannpháirtíocht i dtoghcháin Eorpacha 2024 a spreagadh. Is pobal éagsúil daoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta é atá tiomanta don daonlathas a neartú. Is féidir leat a bheith páirteach sa phobal bríomhar seo agus do theaghlach, do chomharsana, do chairde agus do chomhghleacaithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh trí iad a spreagadh chun vótáil (#ÚsáidDoVóta).
Tosaíonn an daonlathas le gníomhartha simplí, amhail vótáil, síniú achainí nó páirt a ghlacadh in imeacht – cuireann siad go léir leis an tsíocháin, an tsaoirse agus cáilíocht saoil níos fearr. Le chéile, táimid ag obair chun luachanna lárnacha an daonlathais a mhéadú. Bí linn, agus buailfidh tú le hEorpaigh den mheon céanna, feabhsóidh tú do scileanna, rachaidh tú i dteagmháil le cinnteoirí, agus gheobhaidh tú rochtain ar acmhainní luachmhara chun an daonlathas agus toghcháin Eorpacha 2024 a chur chun cinn. Faigh nuashonruithe ar ghníomhaíochtaí feachtais toghcháin agus ar phobal lecheile.eu trí dhul isteach i lecheile.eu agus bheith ar an eolas trí elections.europa.eu/ga.
Cinnfidh toghcháin Eorpacha 2024 conas a thabharfaimid aghaidh le chéile ar cheann de na hamanna is dúshlánaí dár nglúin riamh.
Faoi thuairim na staire, vóta sa turas.