An Eoraip a Mhúnlú
An cosán chun na dtoghchán Eorpach (1951-1979)
Tús an daonlathais san Eoraip
Tús an daonlathais san Eoraip
Bhí an smaoineamh go dtoghfaí Feisirí ann ó cruthaíodh na chéad institiúidí Eorpacha. Mar sin féin, níor tháinig sé seo chun cinn i mblianta tosaigh na gComhphobal Eorpach: d’ainmnigh comhaltaí na bparlaimintí náisiúnta ionadaithe náisiúnta do Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), seachas iad a thoghadh go díreach chuig an tionól Eorpach.
Bhí sé tábhachtach, áfach, do na gnáthdhaoine agus don Chomhphobal Eorpach luath go mbeadh an pobal páirteach go daonlathach i gcinntí ar leibhéal na hEorpa. Cé nár fhaomh na Ballstáit dréachtchoinbhinsiún ó 1960 maidir le toghcháin dhíreacha (Tuarascáil Dehousse), leanadh de ghníomhaíocht na saoránach le haghaidh toghchán. Chuaigh gluaiseachtaí ar son na hEorpa i mbun feachtais chun toghcháin a eagrú ar leibhéal na hEorpa, agus d’eagraigh roinnt díobh tionóil agus vótaí Eorpacha bréagacha. Sna 1970í, sheol saoránaigh achainíocha chun Parlaimint na hEorpa inar éilíodh go gcuirfí toghcháin Eorpacha chun cinn níos mó.
In 1975, ghlac an Pharlaimint tuarascáil ar eagrú toghchán díreach Eorpach. Bhí tuarascáil Patijn, a ainmníodh as Feisire ón Ísiltír, Schelto Patijn, a dhréachtaigh í, mar bhonn d’fhormhuiniú na mBallstát do thoghcháin Eorpacha dá éis sin.
In 1976, shínigh Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin, inar comhaontaíodh go dtionólfaí toghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa. Bheadh toghcháin ar siúl sa tréimhse chéanna i ngach tír den Chomhphobal Eorpach, cé go raibh saoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar an gcóras vótála cruinn ina dtíortha.
Éist leis an bpodchraoladh (EN)
Is i bParlaimint na hEorpa a thagann daoine ó gach cearn den Aontas Eorpach le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar shaol gach duine a phlé agus cinneadh a dhéanamh orthu. Bíonn ról ríthábhachtach ag na saoránaigh sa phróiseas sin. Is linne, na daoine, a thosaíonn an daonlathas.