An Eoraip a Mhúnlú
An tAontas Eorpach a Leathnú: Na 2000í
Mílaois nua san Eoraip
Mílaois nua san Eoraip
Tháinig dhá thír déag isteach san Aontas, rinneadh airgead dlíthairgthe den Euro, agus síníodh Conradh Liospóin. Ba dheich mbliana mhóra iad don Aontas – cad iad na himeachtaí a spreag na hEorpaigh chun vótáil do Pharlaimint nua?
2004: An méadú ba mhó ar an Aontas Eorpach
In 2004, vótáil an líon ba mhó tíortha i dtoghchán de chuid an Aontais. Ghlac 10 dtír nua páirt ann: an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, agus an tSlóivéin.
Bhí go leor ar chlár oibre an Aontais. Leagadh amach cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, a fógraíodh go sollúnta i Nollaig 2000.
Idir an dá linn, tháinig an Euro i gcúrsaíocht in 2002 in 12 Bhallstát.
Bhí súil ag an lucht déanta beartais an tAontas a threalmhú do dhúshláin a bheadh ann ina dhiaidh sin. Rinne Conradh Nice (2001) athchóiriú ar institiúidí an Aontais chun go bhféadfaí an tAontas a mhéadú go hoirthear na hEorpa, agus leathnaíodh cumhachtaí comhchinnteoireachta Pharlaimint na hEorpa tuilleadh. Bhí ról gníomhach ag na Feisirí in obair an Choinbhinsiúin Eorpaigh a tháirg Dréacht-Bhunreacht don Eoraip in Iúil 2003, as ar tháinig – tar éis thoradh diúltach dhá reifreann i mBealtaine agus Meitheamh 2005 – Conradh Liospóin.
2009: Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim airgeadais
Ghlac an Bhulgáir agus an Rómáin, a tháinig isteach san Aontas in 2007, páirt i dtoghcháin 2009.
Tar éis ghéarchéim airgeadais dhomhanda 2008, ba iad gnóthaí eacnamaíocha príomhcheist an fheachtais, agus fostaíocht agus cosaint shóisialta ina dhiaidh sin. Spreag an comhrac in aghaidh athrú aeráide agus saincheisteanna fuinnimh na vótálaithe chun vótáil freisin.
D’fhormheas an Pharlaimint an Treoir um Sheirbhísí, a raibh sé mar aidhm aici margadh aonair an Aontais i seirbhísí a fhorbairt. Bhí ról riachtanach ag na Feisirí, mar ghuth na saoránach, sa chaibidlíocht faoi shocrú ar an ábhar conspóideach seo.
Idir an dá linn, daingníodh Conradh Liospóin agus, leis sin, tháinig an Chairt um Chearta Bunúsacha i bhfeidhm. Ansin, níor mhór do na Ballstáit an Conradh a chur i bhfeidhm.
San tréimhse sin, sheol Parlaimint na hEorpa duaiseanna a chothaigh spiorad Eorpach ní ba láidre. Ag tosú in 2007, thosaigh Duais Scannánaíochta LUX ag tabhairt ardán nua do scannáin a théann isteach i gcroílár na díospóireachta poiblí Eorpaí. D’aithin Duais an tSaoránaigh Eorpaigh, a seoladh in 2008, éachtaí eisceachtúla na nEorpach. Ó 2008, bronnadh Duais Eorpach Charlemagne don Óige ar thionscadail a reáchtáil daoine óga agus a chuir tuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta chun cinn.