An Eoraip a Mhúnlú
Daonlathas Eorpach faoi lán seoil ó 1979 i leith
Mar a d’athraigh vótaí na saoránach an Eoraip
Mar a d’athraigh vótaí na saoránach an Eoraip
Ó chomhphobal iarchogaidh de sé thír a bhí tiomanta do shíocháin agus rathúnas eacnamaíoch a chinntiú san Eoraip, tá an tAontas tar éis fás go dtí 27 mBallstát agus aghaidh tugtha aige ar dhúshláin éagsúla - géarchéimeanna eacnamaíocha agus an t-athrú aeráide ina measc.
Féadfaidh daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal gluaiseacht faoi shaoirse idir Ballstáit uile an Aontais, agus is féidir le breis agus 440 milliún saoránach socrú síos pé áit is mian leo san Aontas. Ceanglaítear ar gach Ballstát caitheamh le náisiúnaigh na mBallstát eile ar an tslí chéanna a gcaitheann sé lena shaoránaigh féin ó thaobh na fostaíochta, na slándála sóisialta agus an chánachais de.
Is é an tAontas an bloc trádála is mó ar domhan agus is é an euro an dara hairgeadra is mó a thrádáiltear ar domhan. Is é an easpórtálaí earraí agus seirbhísí monaraithe is mó ar domhan é, an margadh iompórtála is mó, ina bhfuil breis agus 100 tír, agus cosnaíonn beartais láidre de chuid an Aontais na tomhaltóirí.
Is gníomhaithe tábhachtacha iad an tAontas agus Parlaimint na hEorpa ar an ardán domhanda freisin. Comhoibríonn an tAontas le rialtais i 150 tír chomhpháirtíochta ar fud an domhain i mbéal forbartha, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Má chuirtear le chéile iad, is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir cúnaimh dhaonnúil is mó ar domhan. Gach bliain cuireann an tAontas bia, foscadh, cosaint, cúram sláinte agus uisce glan ar fáil do bhreis is 120 milliún íospartach tubaistí agus coinbhleachtaí i níos mó ná 80 tír.
Tá Parlaimint na hEorpa go breá ábalta ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna shaoránaigh an Aontais. Neartaíodh a cumhachtaí de réir a chéile trí chonarthaí an Aontais agus clúdaíonn siad anois róil reachtaíochta, bhuiséid agus mhaoirseachta – rud a fhágann go n-imríonn guth na saoránach níos mó tionchair ná riamh ar chinnteoireacht an Aontais anois.
Sna Ballstáit, pléann Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa le saoránaigh agus geallsealbhóirí, bainistíonn siad teagmhálacha leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do na Feisirí agus iad i mbun a sainordaithe oifigiúil sa tír. Sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, cuireann na hOifigí Idirchaidrimh pointe tagartha ar fáil chun súil a choimeád ar dhul chun cinn san Aontas Eorpach, go háirithe ó thaobh Pharlaimint na hEorpa de.
Tá cuma an-difriúil ar an bParlaimint anois ná mar a bhí in 1979. Tháinig méadú seasta ar ionadaíocht na mban, le 41% de na mná tofa in 2019, i gcomparáid le 16% in 1979. Tá níos mó grúpaí polaitíochta ann, a léiríonn éagsúlacht tuairimí, chomh maith leis níos mó Feisirí a roghnaíonn gan bheith ceangailte le haon ghrúpa.