- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Reacht Dhuais Sakharov
Faoin gcéad reacht do Dhuais Sakharov, a glacadh i mí Iúil 1988, bhí 5 000 ECU (foirm d’airgeadra Eorpach a bhí ann roimh an Euro) le bronnadh ar an mbuaiteoir agus d’fhéadfadh duine ar bith a bheith ina iarratasóir, gan beann ar náisiúntacht ná áit bhunaithe. Dhéanfadh an Pharlaimint foilsiú ábhar scríofa an bhuaiteora a éascú freisin. Sna chéad ainmniúcháin do Dhuais Sakharov, bhí gá le tacaíocht ó 25 Fheisire ar a laghad, agus ansin, i gcomhairliúchán le Andrei Sakharov dá mba ghá, scrúdódh Coiste um Ghnóthaí Polaitíochta Pharlaimint na hEorpa na hainmniúcháin agus astu sin roghnóidís triúr le cur ar aghaidh chuig an mBiúró méadaithe. Ba é an Biúró a roghnódh an buaiteoir. Ar deireadh, bhronnfadh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Duais Sakharov ar an mbuaiteoir le linn suí iomlánach na Parlaiminte. Le himeacht na mblianta, mhéadaigh méid na Duaise de réir a chéile go €50 000 mar aitheantas ar thábhacht na ndaoine a bhíonn ag obair ar son chearta an duine ar fud an domhain.
Ach bhí tuilleadh athruithe le teacht. Rinneadh leasuithe suntasacha ar reacht Dhuais Sakharov in 2003 de bhun moltaí ón bhFeisire Gearmánach Elmar Brok, a bhí ina chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta ag an am. Mar iarracht raon na Duaise a leathnú cinneadh go gcaithfeadh an Duais ceiliúradh a dhéanamh ar obair shonrach (saothar intleachtúil nó ealaíonta, nó iarracht ghníomhach) sna réimsí seo a leanas: cosaint do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, go háirithe saoirse tuairimíochta.
Dhéanfadh an Duais ceiliúradh freisin ar chosaint do chearta mionlach, urraim don dlí poiblí idirnáisiúnta, forbairt an daonlathais agus cur i bhfeidhm an smachta reachta. As sin amach cheadófaí ainmniúcháin a mbeadh tacaíocht acu ó ghrúpa polaitiúil, cé nach bhféadfadh Feisirí aonair tacaíocht a thabhairt ach d’ainmniúchán amháin. Ansin is é an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint a bheadh freagrach as triúr a chur ar aghaidh chuig Comhdháil na nUachtarán (atá comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de cheannairí na ngrúpaí polaitiúla) chun an buaiteoir deiridh a roghnú. Mar thoradh ar mhéaduithe an Aontais Eorpaigh agus ar an méadú ar líon na bhFeisirí Eorpacha, anois ní mór do gach iarratas tacaíocht a fháil roimh ré ó dhaichead Feisire Eorpach.