- Taispeántas: Duais Sakharov, Parlaimint na hEorpa agus cearta an duine ar fud an domhain
- Pobal Dhuais Sakharov
In 2008, chinn Parlaimint na hEorpa tógáil ar thionchar na Duaise trí ghréasán a sheoladh chun cosaint do chearta an duine a neartú. Cruthaíodh Pobal Dhuais Sakharov, tráth a raibh comóradh 20 bliain á dhéanamh ar an Duais. Le bunú an Phobail tugadh aitheantas do ról eisceachtúil bhuaiteoirí Dhuais Sakharov mar Ambasadóirí na Saoirse Smaointeoireachta. I gcomhar le Parlaimint na hEorpa, is féidir leo teacht le chéile agus tabhairt faoi ghníomhaíocht chomhchoiteann chun tacú le cosantóirí chearta an duine ar fud an domhain. Cuireann an Pobal ar chumas na mbuaiteoirí freagairt le chéile d’imeachtaí ar fud an domhain de réir mar a tharlaíonn siad. I bhfianaise phaindéim Covid-19, shínigh 14 bhuaiteoir Dhuais Sakharov agus 62 Fheisire litir oscailte le gairid á iarraidh go scaoilfí saor láithreach gach príosúnach coinsiasa agus cosantóir chearta an duine, agus buaiteoirí uile Dhuais Sakharov ina measc.
Déanann Pobal Dhuais Sakharov ceiliúradh ar ról eisceachtúil bhuaiteoirí Dhuais Sakharov mar Ambasadóirí na Saoirse Smaointeoireachta agus neartaíonn sé an comhar maidir le ceisteanna a bhaineann le cearta an duine. Éascaíonn sé comhghníomhaíochtaí idir buaiteoirí agus an Pharlaimint trí na buaiteoirí, Feisirí de chuid na Parlaiminte agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta a chur i dteagmháil lena chéile. Mar seo, cuirtear modh cumarsáide díreach ar fáil do na buaiteoirí agus do Pharlaimint na hEorpa araon, chun dul i ngleic le ceisteanna maidir le cearta an duine. Eagraíonn na rannpháirtithe léachtaí Sakharov go rialta ar fud na hEorpa chun aird a tharraingt ar a gcúiseanna agus díospóireacht a spreagadh i bpríomhchathracha na hEorpa. Eagraíonn an Pobal comhdhálacha go rialta chun na daoine spreagúla sin a thabhairt le chéile. Ag ócáid in 2018, rinneadh comóradh ar 30 bliain de Dhuais Sakharov. Chomh maith le díospóireacht ar cheisteanna maidir le cearta an duine ar fud an domhain a chur chun cinn, tugann na comhdhálacha deis don Phobal féachaint ar a bhfuil bainte amach acu agus na dúshláin atá le teacht a shainaithint.
Tugann sé deis do na buaiteoirí a dteachtaireacht a chur i láthair ar bhealaí níos cruthaithí freisin: i dtionscnamh comhpháirteach a cuireadh ar bun tríd an ngréasán seo cuireadh an taispeántas closamhairc “White torture underground poetry” ar stáitse. Taispeántas é sin ó Lorent Saleh, duine de bhuaiteoirí Dhuais Sakharov 2017 ón bhfreasúra daonlathach i Veiniséala. Cuireadh an taispeántas ar bun i ngaráiste de chuid Pharlaimint an hEorpa sa Bhruiséil i mí Feabhra 2020. Tumadh an lucht féachana i dtimpeallacht leatromach mar a bheadh in ionad céasta nua-aimseartha, sofaisticiúil, chun fírinne na sáruithe ar chearta an duine a thabhairt go croílár an réimse phoiblí.
In iarracht an chéad ghlúin eile de chosantóirí chearta an duine a chumhachtú chun athrú daonlathach a spreagadh ina dtíortha féin, tá Comhaltachtaí Sakharov á mbronnadh ag Parlaimint na hEorpa ó 2016. Bronntar na comhaltachtaí ar suas le 14 chosantóir chearta an duine ó thíortha taobh amuigh den Aontas agus tá ceangail cruthaithe anois in os cionn 40 tír. Cuireann na comhaltachtaí ardán cumhachtach ar fáil do ghníomhaithe a chuireann fíorathrú ar bun. Sampla de sin a tharla le gairid is ea an cáineadh a rinne comhaltaí Sakharov ar an ngéarleanúint ar an bpobal mionlach Bahá’í san Iaráin agus an iarraidh ar thacaíocht a rinne siad ar an bpobal idirnáisiúnta chun cur i gcoinne na héagóra seo.
Tugtar deis do chomhaltaí Sakharov páirt a ghlacadh i ndianchúrsa oiliúna chun cuidiú leo san obair thábhachtach a dhéanann siad. Caitear seachtain amháin den chúrsa sa Bhruiséil agus an tseachtain eile ag an gCampas Domhanda um Chearta an Duine sa Veinéis. Bíonn deis ag na rannpháirtithe tuilleadh a fhoghlaim faoi chreataí, beartais agus sásraí maidir le cearta an duine san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, faigheann siad seans bualadh le Feisirí, lucht léinn agus ionadaithe ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha. Cuireann an cúrsa oiliúna uirlisí praiticiúla ar fáil chun cabhrú le cumarsáid leis an bpobal agus le hiarratais ar mhaoiniú nó chun tuiscint níos fearr a chur ar fáil maidir leis na deacrachtaí slándála a bhíonn le sárú ag cosantóirí chearta an duine go minic. Tá an cúrsa á eagrú go bliantúil ó 2016 i leith agus lean sé ar aghaidh go cianda le linn ghéarchéim Covid-19 in 2020 ionas go mbeadh na comhaltaí in ann ceangal láidir a choinneáil le Parlaimint na hEorpa agus le toscaireachtaí an Aontais ina dtíortha féin.